An Afraic Theas faoi bhrú ag na Gaeil ar an Satharn

Sprid agus crógacht i bhfoireann Joe Schmidt a thabharfaidh seans iontach dóibh agus iad ag iarraidh a chinntiú nach náireofar iad i gcoinne na Boks

Jared Payne. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Jared Payne. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Níl fhios agamsa an raibh lá chomh maith riamh ag foirne rugbaí na tíre seo agus a bhí acu Dé Sathairn seo caite. D’éirigh lenár gcuid imreoirí faoi 20 an ceann is fearr a fháil ar na “Baby Blacks”, foireann faoi 20 na Nua-Shéalainne agus curaidh an domhain ag an leibhéal sin. Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin d’éirigh leis an bhfoireann shinsearach na Springboks a chloí agus iad ag imirt i gCape Town.

An Satharn seo caite d’éirigh linn foirne nár bhuail muid riamh roimhe sin a chloí. I gcás na Nua-Shéalainne, ba iad foireann Ban na hÉireann an t-aon fhoireann ón tír seo a bhuail iad riamh, ach d’athraigh na hógánaigh faoi 20 an scéal sin agus iad á n-imirt i gcraobh an domhain i Sasana.

I gCape Town, ní raibh mórán ag súil leis an toradh iontach a d’aimsigh an fhoireann shinsearach, go háirithe nuair a bronnadh cárta dearg ar CJ Stander agus ceann buí ar Robbie Henshaw. Ina ainneoin sin agus na Gaeil ag imirt an chuid is mó den chluiche agus iad gann ar imreoir amháin, d’éirigh leo toradh agus bua stairiúil a bhaint amach.  An chéad bhua riamh san Afraic Theas! 

Ní sé éasca do mhéar a leagan ar chúiseanna le bua na hÉireann, ach is cinnte go raibh baint ollmhór ag sprid agus crógacht leis. Is cinnte freisin go raibh na hÉireannaigh ag iarraidh a chinntiú nach náireofaí iad.  B’in an cosúlacht mhór a bhí ar chúrsaí nuair a fuair Stander bata agus bóthar.

Níl aon dabht faoi ach go ndearna na Gaeil éacht. An mbeidh siad in ann é a dhéanamh arís an Satharn seo? Bhuel, sin ceist eile ar fad. Is cinnte go mbeidh na Boks ar a míle dícheall ag iarraidh rudaí a chur ina gceart. Iadsan a náiríodh, ní muide. Cuimhnigh ar an mbua iontach sin a bhí ag an tSeapáin ar an Afraic Theas sa gCorn an Domhain deiridh. Náiríodh iad an lá sin freisin, ach is i Sasana a imríodh an cluiche sin.  Is measa an cás gur chaill siad cluiche sa mbaile agus gan ach ceathrar imreoirí déag ar an bpáirc ag an bhfreasúra. Is cinnte mar sin go mbeidh na Boks ar thóir díoltais dhamanta an Satharn seo, a fhios acu má bhíonn an lá leo go mbeidh deis acu an tsraith a shlánú, sin má éiríonn leo dhá bhua a fháil as sraith trí chluiche. Ach is ionann an cás ag na Gaeil é. Má bhíonn an bua againne an Sathairn seo is againne a bheas an tsraith.

Má éiríonn le fir Joe Schmidt an cur chuige céanna a thabhairt chun páirce arís an Satharn seo, is cinnte go mbeidh seans iontach acu. Ach seans gur thug na Gaeil léargas iontach do na Boks ar an stíl agus an cur chuige nua atá acu ó dheireadh an chomórtais domhanda ar an Satharn seo caite. An mbeidh dóthain ama ag foireann bhainistíochta na mBoks anailís iomlán a dhéanamh ar imirt na hÉireann agus teacht ar phlean chun iad a cheansú? Seans go mbeidh siad in ann sin a dhéanamh sin má leanann na Gaeil leis an bpatrún céanna. Má tá aithne ar bith againn ar Joe Schmidt, tá a fhios againn nach leanann sé an plean céanna riamh agus go mbeidh cúpla plean nua á nochtadh aige arís an Satharn seo.

An iontas ar bith é mar sin go bhfuil an oiread sin suime sa gcluiche seo? Curaidh an domhain faoi dhó ag imirt sa mbaile agus iad faoi bhrú damanta ag na Gaeil. Nach beag a cheapfadh é!

Fág freagra ar 'An Afraic Theas faoi bhrú ag na Gaeil ar an Satharn'