Tá an 19ú plean teanga sa Ghaeltacht faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta – plean don Eachréidh in oirthear na Gaillimhe.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú do 26 ceantar Gaeltachta ar fad.
Agus é ag fógairt cheadú an phlean, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers go mbeadh €100,000 ar fáil faoin bpróiseas pleanála teanga chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean san Eachréidh, ceantar fíorlag Gaeltachta.
Dúirt an tAire Stáit Chambers gurb í an chéad chéim eile anois ná Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú don Eachréidh chun an plean a chur i bhfeidhm.
“Is céim mhór chun tosaigh é seo don cheantar ó thaobh chaomhnú na Gaeilge de agus táim cinnte go mbainfidh an pobal áitiúil leas as an infheistíocht shuntasach bhliantúil a chuirfear ar fáil as seo go ceann seacht mbliana chun cabhrú le feidhmiú rathúil an phlean,” a dúirt sé.
“Tréaslaím le Coiste Pleanála Teanga an Eachréidh as an obair mhór atá déanta acu chun an plean a ullmhú agus guím gach rath orthu lena chur i bhfeidhm.”
Tá pleananna teanga fós le faomhadh i gcás seacht gcinn de na Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta; Toraigh agus An Ghaeltacht Láir i nDún na nGall; Cléire i gCorcaigh; Maigh Eo Thiar; Oirthear Chathair na Gaillimhe, Bearna agus Cnoc na Cathrach, agus Oileáin Árann i nGaillimh.
Tá trí cinn de na pleananna sin á meas ag an Roinn faoi láthair, tá trí phlean eile á meas ag Údarás na Gaeltachta agus tá plean amháin fós á ullmhú.
Tá 18 oifigeach pleanála teanga agus triúr oifigeach pleanála teanga cúnta fostaithe faoin gcóras go dtí seo.
Leitir Ceanainn agus an Daingean an chéad dá bhaile a bhain aitheantas amach mar bhailte seirbhíse Gaeltachta agus a bpleananna teanga ceadaithe ó mhí Lúnasa.
Tá pleananna teanga á n-ullmhú i sé cinn de bhailte eile faoi láthair – An Clochán Liath, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, Corcaigh, Dún Garbhán & Trá Lí.
Tá trí Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas – Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin.
Fág freagra ar 'An 19ú plean teanga ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta'