Tá seachtain imithe tharainn ó bhí Lá Fhéile Pádraig ann agus an chosúlacht air gur thaitin eagrán na seachtaine seo caite go mór libh. Tháinig tuilleadh isteach againn ó shin a bhain leis an lá mór agus cuid acu an-dona/an-mhaith ar fad. Molaimis an iarracht a rinne na gnólachtaí ar fad an cúpla focal a úsáid don lá (nó le turasóirí a mhealladh…), ach nár bhreá an rud é dá mbeadh Gaeilge chruinn le feiceáil i gcaitheamh na bliana seachas aon lá amháin de phraistriúcháin ar fud na háite?
Tháinig pictiúr na seachtaine seo ó Niamh i gCorcaigh.
An Áit: Bialann anaithnid i gCathair Chorcaí
An Béarla: An t-uafás, ach dírimís ar ‘Irish Stew’
An Ghaeilge: Stobhach Gaeilge
Focal ó na moltóirí:
Céard is stobhach Gaeilge ann? Tá muid ag déanamh gur leasainm é seo ar an gCaighdeán Oifigiúil. Nach dtugtar ‘Stobhach Cultúr’ ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit a dtáinig na céadta míle duine le chéile ón ‘Sean-Domhan’ as ar eascair an náisiún ilchultúrtha ilghnéitheach sin?
Feileann an t-ainm Stobhach Gaeilge don cháipéis sin ina bhfaighfear an fhoirm tháite agus an fhoirm scartha le chéile, ina nglactar le séimhiú nó urú i ndiaidh an tuisil tabharthaigh agus inar féidir a bheith ag baint mhóna agus ag fáil bháis nó ag ithe meacain agus ag scríobh bileoige.
Ar ndóigh, thabharfadh dianstaidéar ar an gcaighdeán oifigiúil an-ghoile do dhuine. Theastódh feed fataí agus glasraí ón té a bheadh ag gabháil dó.
Ar a laghad, litríodh an dá fhocal mar is ceart. Agus níor úsáideadh Google Translate mar, iontas na n-iontas, tá leagan Google cruinn ceart an babhta seo (beagnach) ‘Stew na hÉireann le fataí’.
An leagan ceart: Stobhach Gaelach nó Stobhach na hÉireann.
Fearn
Cad mar gheall ar “Stobhach Gaeilge” mar lipéad ar drochaistriúcháin Ghaeilge?
Mise Áine
Tá na Súile Gaeilge seo ag meangaireacht..:-)
Colm
Níl mé cinnte céard atá sa mhillseog ach dá dtabharfaí babhla ‘caca’ dom ní íosfainn é. Cuma cá húire an t-uachtar.