Amú san aistriúchán…(6)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí.

Fostú caranna

Thaitin pictiúir na seachtaine seo go mór linn agus is é an trua nach féidir linn gach uile cheann acu a fhoilsiú. Luaigh muid an tseachtain seo caite gur ó chúige Mumhan a thagann tromlach na bpictiúr chugainn agus is maith ann iad.

Conamarach i gCathair na Réibliúnaithe a thóg pictiúr na seachtaine seo.

Áit: Aerfort Chorcaí

An Ghaeilge: Fostú Carranna

An Béarla: Car Hire

Focal ó na moltóirí:

Chuir an ceann seo idir iontas agus uafás orainn. Tugtar le fios ar an gcomhartha seo go bhféadtar carranna a fhostú in Aerfort Chorcaí.

An chéad rud a thagann chun cuimhne ar léamh an chomhartha seo dúinn ná na carranna Google atá á bhforbairt i láthair na huaire. Tá na carranna seo in ann iad féin a thiomáint bunaithe ar eolas ó Google Maps chomh maith le córas casta braiteoirí. An amhlaidh go bhfuil na carranna seo ar fáil in Aerfort Chorcaí cheana chun turasóirí a iompar chuig a n-óstán gan bacadh le tiománaí cantalach tacsaí?

Ach ansin, d’iompaigh ár n-intinn ar smaointe níos dorcha ná sin. Má tá an carr chomh cliste agus chomh ‘daonna’ sin gur féidir é a fhostú is gearr go dtuigfidh sé go bhfuil an lámh in uachtar ag an gcine daonna air. Ní fada ansin go mbeidh Ceardchumann na gCarranna ann agus céard eile ina dhiaidh sin ach samhail Skynet agus Éirí Amach na gCarranna. Ní gan údar a thugtar Na Rebels ar mhuintir Chorcaí – is ann a thosóidh Judgement Day más fíor don chomhartha seo!

Ok, b’fhéidir go ndeachaigh an tsamhlaíocht as smacht ansin. Ach fós féin – droch-Ghaeilge amach is amach í!

Focal scoir: Féachaigí arís ar an bpictiúr agus tugaigí bhur mbreith… Céard a d’imigh ar na ‘Tour Operators’ bochta nach bhfuair siad aon aitheantas i nGaeilge? Róchasta? Easpa spáis?

An leagan ceart: Carranna ar cíos

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(6)'

  • Eoin P.

    Arís eile, rócháinteach ar rud atá go breá agus na mílte samplaí atá iomlán mícheart amuigh ansin. Tá blas ábhar seanchaite air mar nath ach níl fadhb ar bith leis.

    fostú gluaisteán = hiring of cars.

    Engagement, hire, employment. = fostú