Amú san Aistriúchán…(51)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge sa saol poiblí

Amú san Aistriúchán…(51)

Breandán as an Spidéal a chuir chugainn pictiúir na seachtaine seo.

An áit: Ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nGaeltacht Chonamara

An Ghaeilge: Cuir ort do bhróga damhsa!’

An Béarla: ‘Dance a diddle!’

Focal ó na moltóirí: Is mó cúis iontais a bhaineann leis na painéil eolais atá curtha ag Fáilte Ireland ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nGaeltacht Chonamara.

Údar iontais do mhórán, mar shampla, a laghad eolais faoi Bhaile na hAbhann féin atá ar an bpainéal eolais atá crochta thíos ag céibh an bhaile sin.

Tá iontais mar sin féin le fáil ar an bpainéal eolais seo. Deirtear linn, mar shampla, go mbíonn 650,000 duine in aghaidh an lae ag féachaint ar an stáisiún leath-Ghaeilge in aice láimhe. Ach ba mhó suim a chuireamar san aistriúchán fíorscaoilte atá le léamh ar na blúiríní maoithneachais.

‘Cuir ort do bhróga damhsa!’ an chomhairle a chuirtear ar an té a bheadh ar cuairt ar an gceantar.  Tá go maith, ach ‘Dance a diddle!’ an Béarla atá curtha acu ar an méid sin. Chuir Amú san Aistriúchán ceist ar dhuine de mhuintir Bhaile na hAbhann, an dtaispeánfadh sé dúinn an ‘dance a diddle’ seo, agus scaoil sé racht dea-chainte as Cré na Cille uaidh. Níor labhair sé linn ó shin.

Thoir ag an tseanchéibh sa Spidéal, tá painéal eolais eile ar a bhfuil seanphictiúr deas d’iascairí agus leanbh leo. ‘Fishermen and barefooted child, 1913’ is teideal don phictiúr i mBéarla, ach tá ‘paiste’ déanta den pháiste sa leagan Gaeilge. Nó b’fhéidir gur ag tagairt do na paistí ar threabhsair na n-iascairí atáthar.

Níl tagairt ar bith ar phainéal an Spidéil don phaiste gránna coincréite a cuireadh leis an tseanchéibh le déanaí.

Fág freagra ar 'Amú san Aistriúchán…(51)'