Amú san aistriúchán…(5)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

Amú 5

Go raibh míle maith agaibh faoina pictiúir uilig a chur chugainn le seachtain anuas – chuir siad ag gáire muid! Ar chúis éigin, tá an t-uafás samplaí tagtha isteach ó chúige Mumhan thar aon chúige eile le cúpla seachtain anuas. An t-aon mhíniú amháin a bheadh againn air sin ná go bhfuil súil níos géire agus ‘Gaelainn’ níos cruinne ag an Muimhnigh ná mar atá ag an gcuid eile againn, é sin nó gur mó a theastaíonn ceartúcháin ó dheas mar gur mó na botúin a dhéantar ann!

Duibhneach ar deoraíocht i Saorphoblacht Chorcaí a chuir chugainn pictiúr na seachtaine seo.

AN GHAEILGE: Saoirse Gorm (gan séimhiú)

AN BÉARLA: Holiday Blue

FOCAL Ó NA MOLTÓIRÍ:

An bhfuil cúrsaí chomh dona sin anois gur ‘saoirse’ atá i ndán don té a fhágann an tír?

Céard faoi na ‘péacáin ghlasa’ atá, más fíor, ag gobadh aníos trí ithir sheasc na heacnamaíochta?

Nó b’fhéidir gurab amhlaidh go bhfuil tusicint acu in Aerfort Chorcaí ar chruachás an Ghaeil a gcaitear leis go minic mar shaoránach den ‘dara grád’ ina thír féin.

‘Sea, an té nach bhfuil ach Béarla aige, is ‘holiday’ atá roimhe amach agus é ag fágáil an aerfoirt, ach tá cúrsaí chomh holc sin don a té a bhfuil Gaeilge aige gur ‘saoirse’ a bheidh aigesean ach cúl a thabhairt le hoileán na naomh agus na n-ollamh.

Chuirfeadh sé na ‘gormachaí’ ort cinnte, mar a deir an Ghaeilge nua.

AN LEAGAN CEART: Saoire – Gorm

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(5)'

  • Mise Áine

    Ochón ó…