Amú san aistriúchán…(45)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge sa saol poiblí

Amú san aistriúchán…(45)

Ó Mháire a tháinig pictiúr na seachtaine seo, giota as preasráiteas a seoladh le déanaí faoin dréacht aonteangach den chéad pholasaí cultúrtha náisiúnta riamh – ‘Culture 2025 Éire Ildánach’.

Ba sa leagan Gaeilge den phreasráiteas a d’eisigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a thug Máire faoi deara go raibh duine éigin dulta amú san aistriúchán.

An áit: Preasráiteas a eisíodh thar ceann an Aire Heather Humphreys

An Béarla: ‘Through this Framework Policy, our aim is to nurture creativity…’

An Ghaeilge: ‘Tríd an gCreat Polasaí seo, tá sé mar aidhm againn cruthaíocht a chothú…’

Focal ó na moltóirí: Tá trua againn do pé duine a raibh orthu Gaeilge a chur ar an mbéarlagair uafásach a bhí sa bhunleagan Béarla den phreasráiteas seo, ach bhain an chuid áirithe seo de ráiteas Humphreys siar asainn. Is é is brí le ‘cruthaíocht’ ná ‘shapeliness’ nó ‘a good physique’ (scruthaíocht a bhíonn ann ó dheas). Cén fáth go mbeadh an tAire Humphreys agus a polasaí náisiúnta cultúir ag trácht ar chúrsaí cruthaíochta a chothú? Cén saghas ‘Operation Transformation’ atá i ndán dúinn? An bhfuil a gcrúba anois ag na faisistithe colainne ar an gcultúr féin?

An leagan ceart: ‘Tríd an gCreat Polasaí seo, tá sé mar aidhm againn an chruthaitheacht a chothú…’

– Tá fáilte i gcónaí roimh phictiúr do Amú san Aistriúchán. Seol bhur samplaí le bhur dtoil chuig nuacht@tuairisc.ie faoin gceannlíne ‘Amú san aistriúchán’.

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(45)'