Amú san aistriúchán…(31)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

Amú 1

Go raibh maith agaibh uilig as na samplaí a sheol sibh isteach an tseachtain seo.

CLaF2z9WsAA9DXNFuair muid gearán amháin an tseachtain seo faoi ‘Súil an tSeabhaic’ CLG, an córas a úsáidtear i bPáirc an Chróchaigh le cinneadh a dhéanamh an scór nó iarracht amú a bhíonn i gceist. Dúradh gur droch-Ghaeilge a bhí sa ‘Níl’ agus sa ‘Tá’ a phreabann aníos ar an scáileán agus breithiúnas á thabhairt ag Hawkeye.

Ach le linn na gcluichí móra ag an deireadh seachtaine, dúirt an tráchtaire Ger Canning ‘Níl sé ceadaithe’ a luaithe is a phreab ‘Níl’ Hawkeye aníos ar an scáilean. Thug Ger le tuiscint, mar sin, go mbíonn an ‘Níl’ á thaipseáint mar fhreagra ar an gceist ‘An bhfuil an cúilín ceadaithe?’.

Pé scéal é, ba é Tomás i gContae na Gaillimhe a chur chugainn pictiúr na seachtaine seo.

An Áit: Gort Inse Guaire, Co na Gaillimhe

An Béarla: Works Exit

An Ghaeilge: Oibríonn Scoir

Focal ó na moltóirí: Níl muid cinnte céard é go baileach atá á fhógairt anseo. Cé hé an ‘Scoir’ seo agus cén fáth a bhfuiltear ag tabhairt suntais dá chuid oibre? Nó an é an chaoi go bhfuil sé ag cuartú lae ar site éigin? Fear sluasaid (is láí?) atá ann, mar is léir ón bpictiúr breá atá crochta leis an bhfógra, ach síleann muid go dteastaíonn ruainne beag níos mó eolais má tá sé i gceist aige cliaint a mhealladh.

An leagan ceart: Bealach amach ó na hoibreacha (bóthair)

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(31)'