Amú san aistriúchán…(3)

Tá Tuairisc.ie ag lorg cúnaimh ónár léitheoirí chun teacht ar na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

 

Ó cuireadh tús leis an gcolún seo trí seachtaine ó shin, tá rud amháin deimhnithe ag ár léitheoirí – níl ganntanas drochchomharthaí in Éirinn. Tá samplaí maithe tagtha isteach ó gach cearn den tír agus arís eile bhí sé thar a bheith deacair an ceann ba mheasa a roghnú.

Táimid fíorbhuíoch díbh ar fad a chur pictiúr chugainn. Faraor, ní féidir chuile cheann acu a chrochadh ar an suíomh ach ní dhéanfar dearmad ar aon cheann acu! Mar sin, coinnigh súil ar an gcolún seo agus b’fhéidir go bhfeicfidh tú do cheannsa amach anseo.

Bean as Contae na Gaillimhe a chuir chugainn pictiúr na seachtaine seo:

Amú san aistriúchán(3)

Áit: Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh

An Ghaeilge: Ospidéal agus tailte gan cead caite

An Béarla: Smoke-free hospital and grounds

Focal ó na moltóirí: B’fhéidir go gceapfadh Béarlóirí a bheadh ag breathnú ar an ngrianghraf seo gur ainrialaí gan urraim ar cuma sa tsioc léi faoi rialacha ar bith í an bhean seo atá i mbun agóid chróga in aghaidh dhianrialacha an ospidéil a bhaineann di a cearta caite tobac.

Tharlódh go mbeadh tuiscint eile ag an nGaeilgeoir ar an bpictiúr, ar ndóigh. D’fhéadfadh go bhfeicfí ann Gael atá cráite le fada ag comharthaí atá scríofa i dteanga nach dtuigeann sí puinn di cé go bhfuil dealramh aici leis an nGaeilge atá aici ón gcliabhán.

B’fhéidir gur agóid í seo i gcoinne an bhéarlagair atá anois coitainta ag lucht aistriúcháin! B’fhéidir nár chaith an bhean seo toitín riamh ina saol roimh thaibhsiú an uafáis seo di agus gur tharraing sí chuici feaig le faoiseamh a fháil ón strus a chuir an t-aistriúchán uirthi.

An leagan ceart: Ní bheimid ródhian ar Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh mar tá ‘gan cead caite’ ag focal.ie. Feictear dúinn, áfach, go n-imítear ó chiall sa leagan ‘Ospidéal agus tailte gan cead caite’.

An amhlaidh go bhfuilimid ródhian an tseachtain seo?

Má cheapann sibh go bhfuil, seolaigí chugainn, le bhur dtoil, grianghraf d’ospidéal nó ‘tailte’ ag caitheamh tobac, bíodh an cead sin acu nó ná bíodh!

Feictear dúinn go bhfuil níos mó céille sa chás seo ag bailitheoirí focal an fhoclóra nua ag focloir.ie. ‘Ospidéal agus tailte atá saor ó thobac’ a mholtar ar an suíomh sin.

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(3)'

  • Eoin P.

    Ní fheicim fadhb ar bith leis sin. Seans gurbh fhearr ‘gan cead aite ar thailte an ospidéil’ ach agus an oiread sin comharthaí litrithe mícheart ar fad arf ad nó bun os cionn tá tú dulta rófhada anseo!

  • Eoin Bairéad

    Níl fadhb ar bith agam leis – ach go h-áraithe agus “lár an pháirc” agus “cad as tú?” le clos o chainteoirí fásta oilte na teanga (an teanga???)

  • Breandán ó hEaghra

    Deatach saor in aisce agus talamh freisin

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Shíl mé go raibh dul chun cinn a dhéanamh ag an otharlann seo ó thaobh an Ghaeilge bheith sofheicthe acu ach tá teip orthu anseo. Leoga, ghlacfadh siad an leagan Gaeilge d’ainm na hotharlainne bheith ar chomh-mhéid leis an leagan Béarla – agus tús áite bheith aige fosta. Cha ritheann an téarma ‘tailte’ liom. Caidé fá ‘Ospidéal agus suíomh mórthimpeall saor ó thobac’? Agus an bhfuil feidhm leis na bloclitreacha?