Siar linn go Contae an Chláir arís an tseachtain seo agus sampla breá tagtha isteach ó Thomás in Inis. Idir an dá linn, tháinig scéala chugainn an tseachtain seo go bhfuil an comhartha ón gcéad Amú san Aistriúchán a foilsíodh i mí Eanáir na bliana seo fós crochta in Leisureland na Gaillimhe! Ochón!
An Áit: Inis, Contae an Chláir
An Béarla: Concealed Entrance
An Ghaeilge: Folaithe Iontrála
Focal ó na Moltóirí:
Cé a dúirt nach raibh aon mheas ag daoine a thuilleadh ar an tuiseal ginideach – tá an dá fhocal sa chomhartha seo sa tuiseal sin. Is é an trua, áfach, nach bhfuil siad san ord ceart agus, faraor, ba cheart do cheann amháin acu a bheith sa tuiseal ainmneach…
An leagan ceart: Bealach isteach ceilte
Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)
Ba cheart daoibh dul i dteagmháil leis na dreamanna éagsúla agus iarraidh orthu rudaí a chur ina gceart. Go háirithe do chomharthaí mar seo, agus ceann Leisureland.