Amú san aistriúchán…(28)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

Amú

Go raibh maith maith agaibh uilig as ucht na bpictiúr breá a chuir sibh isteach arís an tseachtain seo. Ná déanaigí dearmad ‘Amú san aistriúchán’ a scríobh sa ríomhphost. An tseachtain seo caite, d’iarr muid oraibh samplaí a chur isteach ó na sé chontae mar ní raibh ceann faighte againn go dtí seo. An freagra a tugadh orainn ná go bhfuil sé “deacair teacht ar chomhartha a bhfuil Gaeilge de chineál ar bith scríofa air sna sé chontae.”

Bhuel, tá sibh sáraithe ag Brian i Meiriceá a d’aimsigh comhartha ní hamháin i nGaeilge, ach i ndroch-Ghaeilge san Oileán Úr.

An Áit: Stáit Aontaithe Mheiriceá

An Béarla: Restrooms

An Ghaeilge: Leathrás

Focal ó na moltóirí: An cineál comórtais é an leathrás seo? An mbíonn cead ag duine a chúram a dhéanamh má éiríonn leis an cúrsa a chríochnú taobh istigh d’achar ama? Cá mbíonn an príomhrás? ‘Bhfuil an restroom leath bealaigh tríd an leathrás? Ab in ceathrú rás? Céard a tharlaíonn don duine bocht nach mbíonn rith an ráis leis? Tá an oiread sin ceisteanna againn…

An leagan ceart: Teach an asail/leithreas

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(28)'

  • Conchobhar

    Ní dóigh liom gur fiú a bheith ag magadh faoin dream atá thall i Meiriceá a bhfuil iarracht déanta acu an Ghaeilge a chur ar taispeáint. Nuair a bhíonn muintir na hÉireann in ann Gaeilge ghlan a chur ar a gcuid comharthaí, beidh gáire le baint amach as an dream thar lear mar sin…

  • Fearn

    An Béarla: Restrooms ?

    Ní shílim gur béarla ceart é sin, ach an oiread, ach Meiriceánais, nó canúint .

    Dála an scéil, nach bhfuil ciall inteacht le “leathrás”, mar is minic daoine ina leathrás dul ag scaoileadh cnaipe?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aisteach nach raibh siad sásta comhionannas a thabhairt don Ghaedhlig…an mór-roinn seo a bhíonn ag fógairt fá shaoirse agus comhionannas ar fud an domhain.