Amú san aistriúchán…(26)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

IMG_0161

Go raibh míle maith ag gach duine a sheol pictiúr isteach an tseachtain seo. Ná déan dearmad ‘Amú san aistriúchán’ a scríobh sa cheannlíne ar an ríomhphost.

Tagann pictiúr na seachtaine seo ó Mhuireann i mBaile Átha Cliath.

An Áit: Ospidéal Ortapéideach Chluain Tarbh, Baile Átha Cliath

An Béarla: Do not remove wheelchairs from the hospital, thank you.

An Ghaeilge: Ná tóg rothaí ón ospidéal le do thoil

Focal ó na moltóirí: Níl a fhios againn cén sórt fuadaigh a bhí ar bun san ospidéal seo ach is maith linn go bhfuil céimeanna á dtabhairt ag na húdaráis le dul i ngleic leis. Caithfear cearta na rothaithe a chosaint.

An é an chaoi nár leor na pionóis nua atá tugtha isteach in aghaidh na rothaithe? An rabhthas den tuairim go mba cheart iad a fhuadach agus a choinneáil ó na bóithre go deo na ndeor? Is cladhartha an cleas é duine a ionsaí agus é ar leaba an tinnis…

An leagan ceart: Ná tóg cathaoir rotha ón ospidéal, le do thoil.