Amú san Aistriúchán…(19)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

Amú JOhn Gormley

Níl muid cinnte fós céard go baileach a bhí i gceist le fógra na seachtaine seo caite ach fágfaidh muid inár ndiaidh é agus tabharfaidh muid aghaidh ar phraiseach na seachtaine seo.

Tháinig an pictiúr seo chugainn ó Mhuireann i gCeatharlach.

An Áit: Garrán Duckett, Ceatharlach

An Béarla: The Official Opening of Duckett’s Grove Walled Gardens and Pleasure Grounds was Performed by John Gormley TD

An Ghaeilge: Deireadh Athoscailt Oifigiúil ar na nGairdíní Múracha Gharrán Duckett agus Cuiseanna Pléisiúr ag Seán Ó Gormlaigh TD

Focal ó na moltóirí: Cé gur iomaí botún atá le feiceáil i sampla na seachtaine seo (idir uruithe amú agus an ‘deireadh’ a cuireadh ag an tús), is é is mó a dtabharfaí suntas dó ná  na “cúiseanna pléisiúir” ag Seán Ó Gormlaigh TD…

Níl a fhios againn cé na cúiseanna atá i gceist anseo ach tá muid fíorbhuíoch go bhfuil na gairdíní timpeallaithe ag balla. Bíodh sé ard agus bíodh sé tiubh, a deirimid!

An leagan ceart: Seán Ó Gormlaigh TD a d’oscail Garraithe Daingne agus Tailte Pléisiúir Gharrán Duckett

Fág freagra ar 'Amú san Aistriúchán…(19)'

  • Seán Mag Leannáin

    An botún is mó, Aire Oidhreachta a thabhairt ar an té a ligfeadh dóibh an phlaic náireach seo a chur suas sa chéad áit.

  • Fearn

    B’fhéidir nach “cúiseanna pléisiúir” atá ann ach “cuiseanna pléisiúir” .i. cuise (iolra) = féar miodúin.

    B’fhéidir nach bhfágfadh sin ina cheart é, ach ní ba fileata!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá ‘a’ breise ar ‘Cheatharlach’ acu fosta. Agus caidé’n rud an ‘bainsteoir’?… Náireach go bhfuil rannóga Stát ag caoineadh nach mbíonn ‘acmhainní’ (airgead) acu le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge agus tá an cineál seo cur amú airgid ar siúl acu! Náireach agus maslach!

  • sean o rathaille

    ‘naire’, ‘masla’, etc etc ach cad leis a mbeifea ag suil o mhuic ach gnusachtach no ruisc bromannai?