Amú san Aistriúchán…(18)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

Amú

Is léir gur thaitin an t-eagrán deireanach libh mar d’imigh na céadta agaibh amú linn an tseachtain seo caite. Mar a dúirt roinnt mhaith daoine, bhí moladh an iarrachta tuillte go maith ag an mbialann áirithe sin. Tá súil againn go bhfuil cúrsaí curtha ina gceart ó tógadh an pictiúr sin!

Is in ospidéal a tógadh pictiúr na seachtaine seo agus tá muid fíorbhuíoch don té a chuir chugainn é.

An Áit: Clinic an Hermitage, Leamhcán

An Béarla: Ní léir ach is doiléire fós an Ghaeilge…

An Ghaeilge: I gcás go bhfuil tú ag iompair leanabh abair leis an Radiographer ná an banaltra raibh an X-ghathach

Focal ó na moltóirí:

Is maith linn go dtuigeann an Hermitage tábhacht na dteangacha Gaelacha – tá péire acu le feiceáil ar an gcomhartha seo. Ár léan nach dtuigeann siad tábhacht an aistritheora ghairmiúil.

An ag an radagrafaí nó an banaltra a bhí an x-gha agus más sea cén fáth gur ar an mbean atá ag iompar a thitfeadh sé an méid sin a chur in iúl dóibh –  beirt saineolaithe sa réimse? Sea, ní rabhamar in ann tóin ná ceann a dhéanamh den aistriúchán seo, ach is léir nach bhfuil lucht Google Translate tagtha chomh fada leis an gceannlitir ‘R’ ina gcuid staidéir ar Fhoclóir Uí Dhónaill.

An leagan ceart: Sa chás go bhfuil tú ag iompar linbh, abair leis an radagrafaí nó leis an mbanaltra a bheidh ag déanamh an x-gha é.

Fág freagra ar 'Amú san Aistriúchán…(18)'

  • Treabhar Mac Oireabhaird

    *iompar.

    Tá mé ag déanamh go bhfuil siad ag iarraidh a rá “roimh an x-gha”.

    Tá Gaeilge acu, ach níl an litriú.

  • Eoin Bairéad

    Tá an Fhraincis ceart go leor. Tá an Ghaeilge go h-ainnis. Ach an Gàidhlig!! Is léir nár thuig siad cén teanga a bhí uathu, agus phiocadar an dá cheann.

  • Eoin P.

    Is léir nach Google translate é sin, duine le Gaeilge mheasartha a scríobh, na comharthaí sin ann leis na cianta, réamhGoogle fiú shamhlóinn.