Amú san Aistriúchán…(17)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

20150519_150541

Beidh sé deacair oraibh sampla na seachtaine seo, a tháinig chugainn ó na Déise, a shárú. Níor mhaith linn a bheith rócháinteach an geábh seo mar is léir go ndearna an bhialann seo an-iarracht i leith na Gaeilge agus go bhfuil an meon agus spiorad ceart ag na húinéirí. Mar sin féin…tá sé seo go dona. Go deimhin, tá an praiseach ar fud na mias!

An Áit: Bialann Uí Éalaithe, Lios Mór, Port Láirge

An Béarla: Cá dtosóidh muid? Tá an rud ar fad lochtach i ndáiríre ach tá cuid de na botúin níos measa ná a chéile;

  • Skip the Q Phone in your order
  • Chicken breast bap
  • Deluxe chicken breast
  • Southern fried chicken
  • Our pizzas are baked to order freshly using only the freshest ingredients
  • ‘Something Fishy’ pizza

An Ghaeilge:

  • Skip an Q Fón i do ord
  • Cíche ar cearc i borróg
  • Delux cíche
  • Deiscirt fried sícín
  • Iad iad ár n-píotsa bácáilte freshly a ordú ach amháin ag baint úsáide as na comhábhair freshest
  • Fishy rud

Focal ó na moltóirí:

Níl ach aon fhocal amháin againn an tseachtain seo: Ár.

Fág freagra ar 'Amú san Aistriúchán…(17)'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Agus caidé? An bhfuil duine ar bith sásta dhul chun cainte le húinéirí/bainisteoirí an chuideachta seo? An bhfuil treoir ar bith go dtig a thabhairt daofa? Nó an bhfuil muid uilig chun leanúint ar aghaidh agus ‘Ár’ a rá am ar bith a fheictear a leithéid agus gan focal amháin a mheabhrú leo siúd ar cheart dhul chun cainte leo??

    Do bharúil an mbeadh na húinéirí/bainisteoirí ón bhialann seo sásta dá labhfaí leo agus dá ndéanfaí a mhíniú daofa go bhfuil botúin sa leagan Gaeilge den bhiachlár? Do bharúil an mbeadh siad toillteanach glacadh le ceartúcháin? Nó an mbeadh siad chomh náiriste sin is go gcuirfeadh siad an ruaig ort amach go hifreann as an áit?

    Thiocfadh a rá leo nach bhfuil tú ach ag tabhairt lámh cuidithe sa dóigh is nach dtagann duine ar bith eile fhad leo leis an gearán céanna, go bhfuil an bia breá blasta ach go mbeadh blaiseadh níos fearr air leis na ceartúcháin sa Ghaeilge…?

    Nach é an brabús an rud is tábhachtaí do ghnó ar bith? Agus má thig seirbhís níos fearr a chur ar fáil don chustaiméar nach mbeadh bainisteoir/úinéir ar bith lánsásta glacadh le moltaí ón bpobal chun cur ar a gcumas an tseirbhís iontach seo a chur ar fáil daofa?

    Ní tharlódh a leithéid ar leagan Béarla dar ndóighe…