Amú san Aistriúchán…(11)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

AmúGo raibh míle maith agaibh faoi na pictiúir uilig a tháinig isteach in imeacht seachtaine. Caithfidh muid a admháil go raibh díomá orainn nach raibh oiread is ceann amháin a bhain le coiníní Cásca ná uibheacha – ba mhór an spraoi a bheadh againn leo sin, tá muid cinnte.

Is i dTiobraid Árann a tháinig pictiúr na seachtaine seo.

An Áit: Aonach Urmhumhan, Co Thiobraid Árann

An Béarla: Welcome to AXA. The world’s number one insurance brand. With local people you know and trust.

An Ghaeilge: Fáilte to AXA. An ainm árachais is fearr ar domhan. Le daine áitiúla aitheanta agus iontafa.

Focal ó na moltóirí:

Molaimid na hiarrachtaí a dhéanann comhlachtaí poiblí, ach cá dtosóimid? Ní chreideann muid go raibh sé de dháine acu ‘daoine’ a mhílitriú. Tá an chosúlacht air arís nach Google is ciontach leis an gceann seo ach an oiread. Dúirt Tomás Ó Máille tráth gurb é an cineál Gaeilgeora is fearr ná an cainteoir dúchais a bhfuil léann teanga air. D’fhéadfaí a rá gurb é an cinéal Gaeilgeora is measa ná an bróicéir árachais nach bhfuil léamh, labhairt ná scríobh na Gaeilge aige.

An leagan a mholaimidne: Fáilte go AXA, an branda árachais is fearr ar domhan. Seirbhís ar féidir brath uirthi, curtha ar fáil ag muintir na háite.

Fág freagra ar 'Amú san Aistriúchán…(11)'