Comhlacht seachtrach a d’aistrigh ‘Mind the steps’ mar ‘Intinn na céimeanna’ don HSE

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur cuireadh foireann an ionaid tástála a bhí i gceist ar an eolas faoin gcomhartha lochtach agus go raibh comhartha ceart le cur ina áit

Comhlacht seachtrach a d’aistrigh ‘Mind the steps’ mar ‘Intinn na céimeanna’ don HSE

Comhlacht seachtrach aistriúcháin a d’aistrigh ‘Mind the steps’ mar ‘Intinn na céimeanna’ ar phóstaer de chuid an HSE.

Tá pictiúr den chomhartha ag ionad tástála á scaipeadh ar líne le tamall agus gan a fhios ag go leor de lucht na Gaeilge a chonaic é an gol nó gáire a dhéanfaidís faoin aistriúchán díchéillí air.

I ráiteas a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fáil do Tuairisc.ie faoin gcomhartha, dúradh gur cuireadh foireann an ionaid tástála a bhí i gceist ar an eolas faoin scéal agus go raibh comhartha ceart le cur ina áit.

Dúradh gur comhlacht seachtrach a d’fhostaigh an HSE a rinne an t-aistriúchán.

“Déanfaidh an fhoireann [san ionad tástála] an botún a chur ina cheart i gcomhar le hOifigeach Gaeilge an HSE agus déanfar socruithe maidir le comhartha nua a chur in áit an chomhartha.

“Cuireadh amach ar conradh chuig soláthraí tríú páirtí an tseirbhís aistriúcháin agus bhí an t-aistriúchán agus priontáil san áireamh.”

Níorbh é seo an chéad uair go raibh botún aisteach san aistriúchán Gaeilge ar fhógra in ionad tástála Covid-19 de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Anuraidh baineadh anuas comharthaí a bhíodh ag fógairt  cosc ar cheamaraí in ionaid tástála Covid-19 nuair a cuireadh botún san aistriúchán Gaeilge ar a súile d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Sa bhfógra bhí ‘No cameras’ aistrithe go Gaeilge mar ‘Uimh Ceamaraí’ amhail is gur giorrúchán ar an bhfocal Béarla ‘number’ a bhí i gceist leis an ‘No’.

Tuairisc.ie a chuir faoi bhráid an HSE an pictiúr den fhógra sa chás sin chomh maith agus dúradh gur cuireadh an t-aistriúchán Gaeilge don fhógra agus an phriontáil sin amach ar conradh go dtí soláthróir eile freisin.

Fág freagra ar 'Comhlacht seachtrach a d’aistrigh ‘Mind the steps’ mar ‘Intinn na céimeanna’ don HSE'

  • Eoghan Ó Néill

    Deineann Google translate iarracht ach ní thiocfadh leat braith air ó thaobh cruinneas de más sin atá uait.

  • Antóin

    Dhá cheist. Ainm an chomhlachta sheachtraigh? Cé mhéad a d’íoc an FSS as? Freagraí roimh dheireadh an lae le do thoil.

  • Pádraig

    A leithéid de ráiméis. Is léir gur baineadh úsáid as Google Translate nó a leithéid chun é sin a aistriú. Is cuma cé chomh dona a bheadh an t-aistritheoir, ní dhéanfadh sé/sí a leithéid sin de bhotún ach amháin dá mbeadh uirlis aistriúcháin in úsáid aige/aici féin! Níl aon náire ar chuid de na comhlachtaí stáit agus ceapann siad go bhfaighidh siad ‘away’ leis!

  • Liam

    Tá sé sin craiceáilte. Tá siad ag tabhairt rabhadh do chainteoirí Béarla cur ag tabhairt ráiteas fealsúnach do lucht na Gaeilge.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    €420,103 sa bhliain don Phríomhfheidhmeannach.

  • Séamus

    Ainmnídís an comhlacht aistriúcháin!