Tá na samplaí fós ag teacht isteach go tréan agus tá muid fíorbhuíoch díbh go léir as ucht na bpictiúr iontach atá seolta agaibh go dtí seo. Coinnigí oraibh á seoladh le bhur dtoil!
Chruthaigh pictiúr na seachtaine seo caite beagán conspóide agus dúradh go ndeachaigh muid thar fóir leis an gcáineadh an babhta sin, ach seasann muid lenár dtuairim gur doiléir an comhartha é “ospidéal agus tailte gan cead caite”!
Níl aon amhras ann faoi phictiúr na seachtaine seo, áfach, a chuir duine as Contae an Chláir faoinár mbráid.
Amú san aistriúchán…(4)
Áit: Gaelcholáiste an Chláir / Pobalscoil na hInse, Co. an Chláir.
An Ghaeilge: Ní mór do ghach cuairteoir dul díreach
An Béarla: All visitors should report directly to reception
Focal ó na moltóirí: Tarraingíodh go leor airde ar Choláiste bocht Eoin an mhí seo caite mar gheall ar mhíthuiscint a bhain le ceardlann a bhí le reáchtáil sa scoil faoin maistíneacht homafóbach. Cuireadh i leith na scoile gur institiúid homafóbach a bhí inti agus bhí sé ina mhíle murdar ar na meáin shóisialta agus na meáin thraidisiúnta araon. Níor tugadh aon aird, áfach, ar an gcomhartha seo atá le feiceáil i scoil Ghaeilge i gCúige Mumhan!
Cé gur cosúil go nglacfaí le múinteoirí agus daltaí aeracha i nGaelcholáiste an Chláir, tá iachall ar chuairteoirí “dul díreach”.
Níl a fhios againn cé na smachtbhannaí a chuirfí ar an gcuairteoir a dhiúltódh géilleadh do riail seo an díreachais ach is cinnte go gcuirfí moill air agus a chuid gnó á dhéanamh aige.
Aisteach go leor, níl aon chosc ar Bhéarlóirí ar spéis leo a gcineál féin – caithfidh cách dul caol díreach chuig fáiltiú na scoile beag beann ar a gclaonadh gnéis.
Nó b’fhéidir go bhfuil dul amú orainn agus go bhfuil an comhartha seo ann mar rabhadh d’aon choirpeach a thiocfadh an treo go bhfuil sé in am éirí as an iompar cam.
An leagan ceart: Ní mór do gach cuairteoir dul (caol) díreach chuig an bhfáiltiú.
máire
fáiltiú b’fhéidir? an té a bhíonn ag magadh bíonnn ……………..
Eoin C. Bairéad
Ní i nGaeilge amháin!
https://languagelog.ldc.upenn.edu/nll/?p=17814
agus fiú
https://languagelog.ldc.upenn.edu/nll/?p=17766
nó
https://languagelog.ldc.upenn.edu/nll/?p=17717
Larry Phelan
Níor dhochar do tuairisc.ie cuid den ‘ghrinneas’ céanna a chur i bhfeidhm ar a ‘greann’ féin
*babhtha
*Ní aon amhras ann
B’fhearr tuilleadh de na crosfhocail úd a chur ar fáil, cheapfainn