Tá an comhaireamh do thoghchán an tSeanaid faoi lánseol faoi láthair, daoine áirithe ag ceiliúradh agus daoine eile agus díomá orthu. Ach drochscéal don Ghaeilge a bhí ann nuair a seoladh páipéir bhallóide Ollscoil na hÉireann chuig lucht na vótála.
Ó Chiarraí a tháinig pictiúr na seachtaine seo.
An áit: Clúdach fillte vóta an tSeanaid
An Béarla: To the Returning Officer
An Ghaeilge: Don Cheann Coimhrimh
Focal ó na moltóirí:
Ar ndóigh is léir céard a bhí i gceist le ‘ceann coimhrimh’ ar an gclúdach litreach. Ach is cúis imní dúinn an botún seo i stát a bhfuil an téarma ‘ceann comhairimh’ in úsáid go hoifigiúil ann le nach mór céad bliain anuas. Agus sin gan trácht ar an scéal gur ó Ollscoil na hÉireann a tháinig an litir. Nach é an trua é nach raibh Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh lena cheartú!
Ar a laghad is cosúil go raibh an Eircode i gceart acu.
An leagan ceart: Don Cheann Comhairimh
Niall Ó Flatharta
Dá olcas an méid sin, is measa fós a bhfuil le léamh maidir leis an stampa!
Aogán
Sea, agus i measc rudaí eile… TOGHCHÁN SEANAD… An mó Seanad a bhi le toghadh? Cheapas gur Seanad amháin a bhí le toghadh!… Agus ná cuirtear an milleán ar Google translate nó bheadh an ginideach i gceart acu san ach earráid litrithe eile ann… SEANAD TOGHCHÁIN …
Aogán
Mo leithscéal do Google… na súile ag teip orm… An ceart ag Google le ceannlitreacha ach más Seanad election a chuirfeá isteach gheofá … toghachán Seanaid… Anois céard déarfá le G…?
padraig
ba cheart sáiteán a thabhairt dóibh agus an méid seo a rá leo ‘et tu u Bruté’