Amú san aistriúchán (13)…

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

Amú

Tá na moltóirí tagtha amach as an leithreas mar a raibh siad ag gol an tseachtain seo caite agus tá siad ag ‘fanacht a bheidh le glaoch’ chun a mbreithiúnas a thabhairt ar phictiúr na seachtaine seo a tháinig anoir chugainn ó Dháithí Mac Cárthaigh i mBaile Átha Cliath.

Ná déanaigí dearmad aon sampla den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí poiblí a chur chugainn faoin teideal ‘amú san aistriúchán’ go nuacht@tuairisc.ie.

An áit: Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

An Béarla: School of Education Studies

An Ghaeilge: An Scoil Staidéar Oideachais

Focal ó na moltóirí: Is léir go dteastaíonn ruainne beag níos mó staidéir ón dream a rinne an t-aistriúchán seo atá le feiceáil in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath! Cé go dtaitníonn dearadh an chomhartha go mór linn agus go bhfuil an Ghaeilge breá soiléir air, faraor géar, is Gaeilge mhíchruinn atá inti agus mar sin ní féidir ach ‘teip’ a bhronnadh ar An Scoil Staidéar Oideachais.

An leagan ceart: Scoil Léann an Oideachais

 

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán (13)…'