Amú san Aistriúchán… (23)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

Screen Shot 2015-07-08 at 19.10.50

Tháinig ar a laghad trí ríomhphost chugainn an tseachtain seo ag cáineadh shuíomh nua Oifig na Saorála Faisnéise.

Is curiarracht é sin agus déanaimid comhghairdeachas le hOifig na Saorála Faisnéise as olc a chur ar an oiread sin daoine in aon seachtain amháin.

An Áit: foi.gov.ie

An Béarla: Will I be charged?

Do I need to make an FOI request to get information from public bodies?

How do I make an FOI Request?

Is there a fee?

An Ghaeilge: An mbeidh mé a bheith gearrtha?

An gá dom a dhéanamh iarraidh SF eolais ó chomhlachtaí poiblí a fháil?

Conas is féidir liom Déan Iarratas Shaoráil Faisnéise?

An bhfuil táille?

Focal ó na moltóirí: Ní léir an ‘seirbhís chreidiúnaithe ghairmiúil aistriúcháin’ a chuir Gaeilge ar shuíomh nua lucht Saorála Faisnéise nó rang déagóirí i gcoláiste samhraidh.

Is cinnte go gcuirfeadh an sampla deiridh ar an liosta caint déagóra ar chúrsa Gaeilge i gcuimhne duit – ‘an bhfuil lón?,’ ‘an bhfuil abhaile?,’ ‘an bhfuil siopa?,’ agus an sméar mhullaigh orthu ar fad, ‘an bhfuil tú leithreas?’

Ach ar a laghad is féidir an fhorbairt agus an fás a thagann ar scileanna teanga na n-óg a fheiceáil tar éis trí seachtaine faoi chúram na múinteoirí agus na mban tí.

Ní hamhlaidh an scéal anseo agus an suíomh ar fad ina phraiseach ag ‘ríomhchláir aistriúcháin éagsúla’ agus na pleotaí a bhain feidhm astu.

An leagan ceart: An ngearrfar táille orm?

An gá dom iarratas SF a dhéanamh chun eolas a fháil ó chomhlachtaí poiblí?

Conas is féidir liom iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh?

An bhfuil táille ann?

Fág freagra ar 'Amú san Aistriúchán… (23)'

  • Bríd

    Is mór an náire é, agus is beag an seans go bhfuil náire orthu.