Amú san aistriúchán…(20)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

Go raibh míle maith agaibh faoi na pictiúir a sheol sibh isteach arís an tseachtain seo. Tháinig muid ar phictiúr amháin an tseachtain seo a bhain le scrúdú tíreolais na hArdteiste agus, ar nós an té a scaip ar Facebook é, bhí muid suite de gur sampla breá eile a bhí ann den amúsanaistriúchánachas. ‘An Ribhéar’ a bhí scríofa faoin ainm Béarla ‘Kenmare River’ ar an bpáipéar Ardteiste. Bhíomar ar tí ‘An Ribhéar’ a dhamnú ar eagrán na seachtaine seo ach is dream coinsiasach sinn anseo in oifigí Amú agus thug muid cuairt ar logainm.ie. ar dtús. Tá sé ann!

Den chéad uair riamh, an tseachtain seo, fuair muid leid ó léitheoir i bhfoirm giolca. Seo giolc a chroch Stateboards.ie níos túisce i mbliana.

An Áit: Twitter @stateboards

An Béarla: Ní raibh aon Bhéarla i gceist (seachas sa leagan Gaeilge) ach is é a shamhlódh muid a bheith ann ná “Seeking appointments to the board of Údarás na Gaeltachta”

An Ghaeilge: Seeking Ceapachain chuig bord Udaras na Gaeltachta

Focal ó na moltóirí: Is cosúil gur chlis ar mhisneach an aistritheora sular chríochnaigh sé an t-aistriúchán seo agus bheartaigh nárbh fhiú na ceithre litir ’s-e-e-k’ a chur isteach in focloir.ie. Ár mbrón, is cosúil go bhfuil an ‘box of fadas ’, a raibh lucht Corp + Anam ag trácht air níos luaithe i mbliana, imithe amú ar an aistritheoir bocht seo freisin.

Buíochas le Mac Dé go bhfuil an leathanach ar shuíomh Stateboards.ie a bhain leis an ngiolc imithe in éag – níor mhaith linn an praiseach a rinneadh den iomlán a fheiceáil.

An leagan ceart: Ceapacháin á lorg do Bhord Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(20)'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Ní dóigh liom go raibh duine i gceist anseo in aon chor.
    Má fhéachann sibh ar an gcuntas sin feicfidh sibh go leor “Seeking X”

    Shamhlóinn gur feidhmchláir atá i gceist a sheolann giolc le teideal an phoist gach uair a chuirtear fógra ar an suíomh.

    Ciotach, ach …

    • Maitiú Ó Coimín

      Chuile sheans a Aonghuis, pointe maith. Ní leithscéal é ar a laghad sínte fada atá sa bhfógra áfach.

      • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

        Ní hea leoga (ach míniú!)

        Is léir nár cuireadh an Ghaeilge san áireamh agus na gimicí seo á ndearadh.

        Níl cloiste ag ranna áirith faoi rud ar bith ach ASCII 7 ngiotán is léir.