Amhras mór caite ag an Taoiseach ar chomhairle NPHET i dtaobh srianta

Deir an Taoiseach Micheál Martin nach dóigh leis go dtabharfar aon srianta nua isteach roimh Nollaig

Amhras mór caite ag an Taoiseach ar chomhairle NPHET i dtaobh srianta

Tá amhras mór caite ag an Taoiseach ar chuid den chomhairle is déanaí ó NPHET maidir leis an gcur chuige is fearr i dtaobh an Covid-19.

Mhol NPHET gur cheart srianta nua a thabhairt isteach ar feadh trí seachtaine sa chás go n-ardódh líon na gcásanna den ghalar go dtí os cionn 400 in aghaidh an lae, ach mhaígh an Taoiseach Micheál Martin go raibh an figiúir sin “very arbitrary”, nó ‘an-luaineach’.

277 cás in aghaidh an lae a bhí ann le cúig lá anuas.

Agus é faoi agallamh ag an Irish Times, dúirt an Taoiseach nach dóigh leis go dtabharfar aon srianta nua isteach roimh Nollaig.

Chomh maith le líon na gcásanna, dúirt Micheál Martin go raibh súil ghéar á coinneáil ar líon na ndaoine sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim agus ar líon na mbásanna de dheasca an ghalair.

Dúirt sé go raibh an stát ag cruthú níos fearr ná aon áit eile san Eoraip ó thaobh líon na gcásanna ar an meán le seacht lá anuas.

“Nílimid ag iarraidh go n-athródh sin, agus mar sin ní bheidh aon mhoill orainn gníomh a dhéanamh, ach ní dóigh linn go mbeidh gá lena leithéid roimh an Nollaig,” arsa an Taoiseach.

Dúirt sé go raibh teorainn leis an méid ama a d’fhéadfadh rialtais an dianghlasáil a chur i bhfeidhm ar an bpobal.

Caithfear “an chothromaíocht a fháil ceart, mar is faoin gcothromaíocht atá sé seo”, a dúirt an Taoiseach.

Dúirt sé gurb é an “teachtaireacht” a bhí aige do dhaoine ná súil a choimeád ar a gcuid iompair agus gur gá cuimhneamh go raibh “tábhacht le gach teagmháil”.

Idir an dá linn, tá comhaontú réamhcheannaigh ceadaithe ag an Rialtas i leith 875,000 dáileog den vacsaín Covid-19 atá forbartha ag Moderna.

Táthar ag súil go gcuirfear na dáileoga sin ar fáil sa tír seo san athbhliain, chomh luath agus a bheidh ceadúnas faighte ón Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach(EMA).

Tá conarthaí sínithe cheana féin ag Éirinn do cheithre vacsaín eile.

Bhí a ndara cruinniú inné ag an tascfhórsa atá ag plé le straitéis an stáit i leith an vacsaínithe.

Deir an Rialtas gur dócha gur luath sa bhliain nua a chuirfear tús le clár vacsaínithe.

Tá an tascfhórsa lena straitéis náisiúnta a chur faoi bhráid an Rialtais an 11 Nollaig.

Tá sé ráite ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach go mbeidh cruinniú urghnách acu ar an 29 Nollaig ‘ar a dheireanaí’ chun an t-iarratas ar cheadúnas éigeandála don vacsaín Covid-19 atá á táirgeadh ag BioNTech agus Pfizer a phlé.

Tá siopaí, gruagairí, leabharlanna agus ionaid aclaíochta á n-athoscailt inniu den chéad uair le sé seachtaine agus deireadh ag teacht leis an dara tréimhse dianghlasála sa stát.

Tiocfaidh srianta Leibhéal 3 isteach in áit srianta Leibhéal 5 inniu agus beidh cead oscailte Dé hAoine ag bialanna agus tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu.

Tá deireadh inniu chomh maith leis an gcosc taistil 5 ciliméadar ach beidh ar dhaoine fanacht ina gcontaetha féin go dtí an 18 Nollaig.

Inniu an chéad chéim de phlean díghlasála trí chéim an Rialtais.

Fág freagra ar 'Amhras mór caite ag an Taoiseach ar chomhairle NPHET i dtaobh srianta'