Amhras maidir le soláthar múinteoirí faoin bpolasaí Gaeltachta agus Bruton ag caint ar 2020 ‘ag brath ar acmhainní’

Tá trí cinn de choinníollacha curtha ag an Aire Richard Bruton leis an ngeallúint maidir le soláthar múinteoirí faoin bpolasaí oideachais Gaeltachta agus deir sé go mbeidh an soláthar ag brath ar acmhainní

Amhras maidir le soláthar múinteoirí faoin bpolasaí Gaeltachta agus Bruton ag caint ar 2020 ‘ag brath ar acmhainní’

Tá tuilleadh amhrais ann faoi sholáthar múinteoirí faoin bPolasaí nua Oideachais don Ghaeltacht i ndiaidh don Aire Oideachais tabhairt le fios sa Dáil go mbeadh an Clár Oideachais Tosaigh Múinteoirí ag brath “ar acmhainní”.

Bhí imní ann toisc nach raibh tús curtha leis an bpróiseas tairisceana don chúrsa nua atá le bunú d’ábhar oidí a bheidh ag múineadh sa Ghaeltacht, ach is cosúil go bhfuil an bpróiseas sin tosaithe anois.

Tá teagmháil déanta ag an Aonad um Oideachas Gaeltachta leis an Oifig um Sholáthar Rialtais maidir leis an bpróiseas tairisceana agus tá cáipéisí a bhaineann leis an bpróiseas á ndréachtú.

Thug Gaeloideachas le fios an mhí seo caite go raibh baol ann nach mbeadh ar chumas na Roinne plean a leagan amach maidir le soláthar na múinteoirí nua faoi thús na scoilbhliana 2018. Léirigh ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams, imní sa Dáil le deireanas faoin gceist chomh maith, ach tá tuilleadh amhrais ann anois faoin soláthar múinteoirí don pholasaí oideachais Gaeltachta a seoladh ar an gCeathrú Rua i mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Thug an tAire Bruton le fios sa Dáil, mar fhreagra ar cheist Dála ó urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, Peadar Tóibín, go mbeadh múinteoirí breise ar fáil “go hidéalach ó 2018/19”.

Faoin bplean oideachais, bronnfar stádas ‘scoil Ghaeltachta’ ar scoileanna sa Ghaeltacht a bhíonn ag teagasc go hiomlán i nGaeilge. Chuige sin, le cur le líon na múinteoirí atá in ann teagasc i nGaeilge, agus le feabhas a chur ar chaighdeán an teagaisc sin, gealltar sa Pholasaí go gcuirfear clár nua oiliúna ar bun.

Tá trí cinn de choinníollacha curtha ag an Aire Bruton leis an ngeallúint sin anois.

“Tá na spriocdhátaí don chúrsa seo ag brath go mór ar thoradh rathúil an phróisis tairisceana, acmhainní a bheith ar fáil agus líon na ndaoine a roghnóidh an clár oideachais tosaigh múinteoirí seo,” a dúirt an tAire Oideachais.

Dúirt sé go rabhthas “ag súil” go mbeadh an chéad ghrúpa d’iarchéimithe cáilithe faoin gclár oideachais tosaigh múinteoirí in am do thús na scoilbhliana 2020.

Is thar thréimhse ceithre bliana, ag tosú in 2018/19, a chuirfí na múinteoirí ar fáil, a dúirt sé, ach níl aon chinnteacht anois go gcuirfear tús leis an soláthar in 2018/19.

Fág freagra ar 'Amhras maidir le soláthar múinteoirí faoin bpolasaí Gaeltachta agus Bruton ag caint ar 2020 ‘ag brath ar acmhainní’'

  • Mánus

    Go hidéalach bheadh an Státchóras FFFG ar son na Gaeilge rud nach bhfuil. Cén mhaith pleananna teanga nuair atá fústaráil ar siúl ag FFFG.