Amhras i gcónaí faoi mhóramh May agus cosa i dtaca ag an DUP

Ba í Theresa May an chéad phríomh-aire le fada an lá lena clár oibre rialtais a leagan amach agus gan í cinnte go mbeadh tacaíocht an tromlaigh aici

Amhras i gcónaí faoi mhóramh May agus cosa i dtaca ag an DUP

Ní cosúil go bhfuil aon fhuascailt i ndán go fóill don tsáinn ina bhfuil an idirbheartaíocht idir an DUP agus an Páirtí Caomhach.

Ba í Theresa May an chéad phríomh-aire le fada an lá lena clár oibre rialtais a leagan amach agus gan í cinnte go mbeadh tacaíocht an tromlaigh i bParlaimint Westminster don chlár sin.

Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil ‘an saol mór’ idir an dá pháirtí agus iad ag iarraidh teacht ar mhargadh a threiseodh rialtas mionlaigh Phríom-Aire na Breataine, Theresa May agus foinsí sa DUP ag tabhairt le fios nár chathair mar a tuairisc na cainteanna leis an bPáirtí Caomhach.

Tá lucht an DUP ag maíomh chomh maith tráthnóna gurbh fhearr do na Caomhaigh gan a bheith ‘róshiúráilte’ dá dtacaíocht.

Meastar gurb í an dris chosáin is mó roimh chomhréiteach ná éileamh an DUP ar infheistíocht bhreise do Thuaisceart Éireann.

Fágann an easpa dul chun cinn i dtaobh na gcainteanna leis an DUP go bhfuil amhras anois ann an éireoidh le Theresa May an plean a leagadh amach in Óráid na Banríona inniu a chur tríd an pharlaimint.

Ghéill céad-rúnaí stáit na Breataine Damian Green tráthnóna nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh anois de go mbeidh socrú déanta leis an DUP in am do vóta na cinniúna i Westminster ar an 29 Meitheamh.

Fág freagra ar 'Amhras i gcónaí faoi mhóramh May agus cosa i dtaca ag an DUP'