Amhras go fóill ann faoi bhuiséad Fhoras na Gaeilge don bhliain seo chugainn

D’fhógair an Rialtas ó dheas €700,000 breise don Fhoras Teanga an tseachtain seo ach má théann Feidhmeannas Stormont ar fionraí roimh bhuiséad 2022 a aontú, d’fhéadfadh nach rachadh an maoiniú sin chuig an Fhoras

Amhras go fóill ann faoi bhuiséad Fhoras na Gaeilge don bhliain seo chugainn

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil tús le cur le plé leis an Rialtas ó thuaidh le fáil amach cén maoiniú a chuirfear ar fáil d’earnáil na Gaeilge an bhliain seo chugainn.

Ní fios go fóill cén buiséad a bheidh ar fáil d’Fhoras na Gaeilge in 2022 ach deir an tAire Stáit Jack Chambers go rachaidh sé i dteagmháil leis an Roinn Pobal ó thuaidh chun maoiniú na heagraíochta a phlé.

D’fhógair an Rialtas ó dheas €700,000 breise don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – i mBuiséad 2022 ach níl aon chinneadh déanta go fóill faoin maoiniú a chuirfidh an Rialtas ó thuaidh ar fáil don eagraíocht trasteorann.

San earrach a aontaíonn an feidhmeannas ó thuaidh a bhuiséad agus dúirt an tAire Stáit go raibh plé le déanamh go luath maidir le cén maoiniú a bheadh ar fáil don Fhoras an bhliain seo chugainn.

Is cuma cad a tharlaíonn áfach, dúirt an tAire Stáit Chambers nach gcaillfear an €700,000 breise atá geallta ag an Rialtas anseo ó dheas agus dúirt sé go scaipfí fós an t-airgead ar earnáil na Gaeilge. Tá sin déanta cheana ag an Rialtas agus maoiniú tugtha díreach acu chuig eagraíochtaí teanga ar nós Chonradh na Gaeilge agus  Glór na nGael.

“Cuirfear tús anois le comhráite leis an Roinn Pobal ó thuaidh féachaint an bhfuil an sciar sin ar fáil,” arsa an tAire Stáit Chambers. “Ní thosaíonn bliain airgeadais an Tuaiscirt, dar ndóigh, go dtí mí an Aibreáin. Beidh sé tamaillín eile, dá bharr, sula mbeidh deimhniú againn go mbeidh an sciar sin ar fáil. É sin ráite, fiú mura mbeidh, is féidir liom a dheimhniú nach gcaillfear an t-airgead breise seo ó earnáil na Gaeilge.”

Cé gur fháiltigh Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, roimh an maoiniú breise a fógraíodh an tseachtain seo, dúirt sí gur méadú níos lú ná a bhíothas ag súil leis a bhí ann.

€1.7 milliún d’ardú a fuair an Foras Teanga anuraidh, an chéad mhéadú ó 2016, agus an t-ardú is mó a fuair an eagraíocht ó 2008.

“Beidh Foras na Gaeilge ag bualadh leis an Aire Martin go luath agus tá cruinnithe lorgtha againn le hairí ó thuaidh le riachtanais na Gaeilge a chur faoina mbráid,” a dúirt Ní Chollatáin. “Beidh sé mar thosaíocht againn a chinntiú go mbeidh an infheistíocht atá riachtanach ar fáil le tacú leis na pleananna atá ag an dá Rialtas don Ghaeilge.”

Fág freagra ar 'Amhras go fóill ann faoi bhuiséad Fhoras na Gaeilge don bhliain seo chugainn'

  • Seán ÓM

    An féidir linn “earnáil an Bhéarla” a chur ar gach caiteachas airgid phoiblí nach mbaineann le rudaí i nGaeilge?

    Gach dráma, amharclann, deontas do cheoltóir, opera, leabhalann, 98% de RTÉ nó ar a laghad aon rud cultúrtha atá i mBearla….. nach “earnáil an Bhéarla” é?

    Mura bhfuil sé sin ceart, an bhfuil an téarma “earnáil na Gaeilge” cothrom?

    An bhfuil an dearcadh seo taobh thiar de?:
    “Costais sa bhreis í an Ghaeilge” “titeann gach rud i mBéarla ón spéir saor in aisce”.