Amhras faoina bhfuil i ndán d’aireacht stáit na Gaeltachta agus ardú céime á thuar do Calleary

Meastar gur ag Dara Calleary is mó atá seans ar ardú céime mar gheall ar an scéala go bhfuil bata agus bóthar tugtha don Aire Talmhaíochta, Barry Cowen

Amhras faoina bhfuil i ndán d’aireacht stáit na Gaeltachta agus ardú céime á thuar do Calleary

D’fhéadfadh go mbeidh Aire Stáit nua Gaeltachta á cheapadh gan mhoill agus níos lú ná trí seachtaine caite ag Dara Calleary sa phost.

Meastar gur ag Calleary is mó atá seans ar ardú céime agus folúntas rialtais ann ó tugadh bata agus bóthar aréir don Aire Talmhaíochta, Barry Cowen.

Rinneadh cáineadh géar ar an gcomhrialtas nuair a fógraíodh na hairí nua toisc gan aon aire sinsearach a bheith ann as iarthar na tíre agus ba é cás Calleary an cause célèbre is mó ag lucht cáinte an Taoisigh, Micheál Martin.

Cé go raibh an chuma ar an scéal go bhfuair leascheannairí Fhine Gael agus an Chomhaontais Glas a rogha aireachtaí sinsearacha, ceapadh Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil, mar Phríomh-Aoire agus Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt.

Dúirt Callaery féin go raibh “an-díomá” air faoin scéal ach d’fhéadfadh anois go bhfuil ardú céime i ndán dó níos lú ná trí seachtaine níos déanaí.

Beidh brú mór ar Mhicheál Martin anois gan neamhaird a dhéanamh ar Callaery an dara babhta.

Toisc gur dócha nach mbeadh sé i gceist aon athrú a dhéanamh ar na ranna nua, d’fhágfadh ardú céime do Calleary go mbeadh folúntas le líonadh maidir le haireacht na Gaeilge.

D’fhéadfadh go bhfágfaí cúram na Gaeltachta ar an Aire Meán, Turasóireachta, Ealíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta Catherine Martin ach tá cúraimí go leor uirthi sin cheana féin.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil aréir go raibh Barry Cowen curtha as a phost mar aire de bharr na conspóide faoin scéala gur cuireadh cosc tiomána trí mhí air in 2016 mar gheall ar é a bheith ag tiomáint agus deoch ólta aige.

Dúirt Barry Cowen go raibh “díomá agus iontas” air faoi chinneadh an Taoisigh.

Tuairiscítear gur iarr Micheál Martin ar Cowen éirí as an bpost ach gur dhiúltaigh sé sin a dhéanamh.

Dúirt an Taoiseach go raibh ceisteanna nua le freagairt faoin gcás ó tháinig sé chun solais go raibh comhad ag na Gardaí inar maíodh go ndearna Cowen iarracht pointe seiceála a sheachaint.

I ráiteas a chuir sé amach ar Twitter aréir, dúirt Barry Cowen gur chuir sé an Taoiseach ar an eolas faoi na fíricí ar fad a bhain leis an eachtra.

Ghabh Barry Cowen leithscéal as an eachtra cheana, ach tá sé séanta go láidir aige go ndearna sé aon iarracht pointe seiceála a sheachaint.

“Faraor, fágann cinneadh an Taoisigh mé a chur as oifig, cé gur thacaigh sé liom sa Dáil tráthnóna, go bhfuil dochar déanta do mo cheart cothrom na Féinne agus próiseas féaráilte a fháil,” arsa Cowen aréir.

Dúirt Martin sa Dáil gur fágadh faoi bhaill eile an rialtais é aghaidh a thabhairt ar na “ceisteanna nua” i dtaobh an scéil toisc nach raibh Cowen sásta ráiteas poiblí a dhéanamh. Dúirt an Taoiseach go raibh aird an rialtais á tarraingt óna chuid oibre ag an gconspóid.

Ghéill an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney aréir go raibh “dochar” déanta ag an scéal don Rialtas.

Fág freagra ar 'Amhras faoina bhfuil i ndán d’aireacht stáit na Gaeltachta agus ardú céime á thuar do Calleary'

  • Con Ó Murchú

    Comhghairdeas a Dhara! Aire sinsearacht anois.