Amhras caite ag Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga ar mholadh go gcuirfí deireadh le hoifig an Choimisinéara sa Bhreatain Bheag

Deirtear in aighneacht atá curtha faoi bhráid Rialtas na Breataine ag Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga gurb ionann 'an independent single Language Commissioner' agus an múnla is fearr 'to remind the Government of the day of its responsibilities and duties'

Amhras caite ag Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga ar mholadh go gcuirfí deireadh le hoifig an Choimisinéara sa Bhreatain Bheag

An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, LeasChathaoirleach Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga

Tá amhras caite ag Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga ar mholadh rialtas na Breataine Bige go gcuirfí deireadh le hoifig an Choimisinéara Teanga sa tír sin agus Coimisiún na Breatnaise a chur ina háit.

Mar leaschathaoirleach ar Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga, chuir Coimisinéir Teanga na hÉireann Rónán Ó Domhnaill aighneacht faoi bhráid Rialtas na Breataine Bige thar ceann an chumainn.

San aighneacht sin, deirtear gurbh fhearr a chinnteodh coimisinéir neamhspleách go gcomhlíonfadh Rialtas na Breataine Bige a ghealltanais maidir le líon na gcainteoirí Breatnaise a mhéadú.

“One commissioner with one voice can be effectively accountable to parliament, not a commission or another body with multiple voices,” a deirtear sa litir ó Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga.

Maítear chomh maith go bhféadfadh beannacht Rialtas na Breataine Bige do straitéis agus do pholasaithe an choimisiúin nua atá molta cur isteach ar a neamhspleáchas.

Tagraítear do chás Cheanada sa litir, agus maítear go léiríonn an taithí atá ag lucht cearta teanga sa tír sin gur minic nach meastar luach polaitíochta a bheith ag baint le cur chun cinn na gceart teanga, ag brath ar mheon rialtas na linne.

“Cé go bhféadfadh rialtas atá i gcumhacht bá a léiriú le teanga nó fiú díocas a bheith orthu mionteangacha a chur chun cinn agus cearta teanga a chosaint, ní féidir glacadh leis go mbeidh rialtais a thiocfaidh ina dhiaidh chomh báúil céanna,” a scríobhadh sa litir.

Fuair na Coimisinéirí locht freisin ar an moladh go mbeadh dhá chúram ar leith ar an gcoimisiún— cur chun cinn na teanga chomh maith agus cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga.

Deirtear go bhfuil neamhspleáchas an choimisinéara riachtanach i ngach réimse, go háirithe maidir le cosaint cearta teanga.

“To establish a Commission is to set up a (hopefully) independent quasi-tribunal with its own set of rules, similar to those of a tribunal. An effective Language Commissioner is also one that can mediate, offer alternatives and give voice to people who have been wronged. A commission may not be able to do that and as a result could lose flexibility and effectiveness,” a deirtear.

Deirtear gurb ionann “an independent single Language Commissioner” agus an múnla is fearr “to remind the Government of the day of its responsibilities and duties”.

Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Hews

Tuairiscíodh i mí Lúnasa go raibh freagracht iomlán as cur chun cinn na Breatnaise á glacadh chucu féin ag Rialtas na Breataine Bige agus deireadh á chur le hOifig an Choimisinéara Teanga sa tír sin.

Tá sé i gceist ag rialtas na Breataine Bige ‘Coimisiún na Breatnaise’ a chur ar bun in áit Oifig an Choimisinéara Teanga leis an teanga a chur chun cinn agus leis na “caighdeáin teanga”, a leagann dualgais ó thaobh na Breatnaise ar chomhlachtaí, a chur I bhfeidhm.

Faoin gCoimisinéir Teanga Meri Huws a bhí an obair sin go dtí seo.

Dúirt an tOllamh Colin Williams, sochtheangeolaí aitheanta ó Ollscoil Caerdydd, le Tuairisc.ie go mb’fhearr leis féin go mbeadh Coimisinéir Teanga agus Coimisiún Teanga “fíorláidir” ann agus go raibh an baol ann go mbraithfeadh daoine feasta nach bhfuil aon “ionadaí neamhspleách acu a bhfuil an chumhacht aige gníomhú”.

Dúirt an t-iar-aire Breatnaise Alun Davies go raibh sé ag iarraidh go mbeadh an córas nua “chomh héifeachtach agus is féidir” agus sprioc leagtha síos ag an rialtas go mbeidh milliún cainteoirí Breatnaise sa tír faoin mbliain 2050.

Tá imní léirithe ag an eagraíocht teanga Cymdeithas yr Iaith Gymraeg, áfach, faoina bhfuil i ndán do chearta na gcainteoirí Breatnaise.

Mhaígh an eagraíocht go bhfuil na moltaí nua á gcur chun cinn le “obair na státseirbhíseach a dhéanamh níos éasca”. Dúirt cathaoirleach Cymdeithas, Heledd Gwyndaf, nár chreid sí go mbeadh an chumhacht chéanna ag an gCoimisiún is atá ag an gCoimisinéir agus go mbeadh “coimhlint leasa” ag baint le hobair eagraíochta a bheadh ag cur na teanga chun cinn agus ag cur na gcaighdeán teanga i bhfeidhm ag an am céanna.

Fág freagra ar 'Amhras caite ag Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga ar mholadh go gcuirfí deireadh le hoifig an Choimisinéara sa Bhreatain Bheag'