Amhras ar Esslemont an bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith TG4

De réir na reachtaíochta, tá dualgas ar RTÉ 365 uair a chloig de chlár a sholáthar do TG4 in aghaidh na bliana, ach deir Ardstiúrthóir TG4 nach bhfuil na hacmhainní is gá a chur ar fáil

Amhras ar Esslemont an bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith TG4

Tá amhras caite ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont ar thiomantas RTÉ do chomhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith TG4.

Cé gur chuir Esslemont fáilte roimh an socrú nua le RTÉ faoi sholáthar nuachta an dá stáisiún agus cé go ndúirt sé gur mór aige an chomhpháirtíocht idir RTÉ agus TG4, thug sé le fios gur dóigh leis nach bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i dtaobh an stáisiúin Ghaeilge.

De réir na reachtaíochta, tá dualgas ar RTÉ 365 uair a chloig de chlár a sholáthar do TG4 in aghaidh na bliana agus cuirtear Nuacht TG4 ar fáil mar chuid den soláthar sin.

“An deacracht is mó, ná ní chuireann RTÉ a ndóthain acmhainní ar fáil don chraoltóireacht agus do na meáin Ghaeilge agus caithfidh mise leanacht, agus leanfaidh mé, le brú a chur ar RTÉ.

“Ní dóigh liom go bhfuil siad ag cur ar fáil a ndóthain le haghaidh an uair an chloig sa lá atá ceaptha dóibh a chur ar fáil sa reachtaíocht,” a dúirt Ardstiúrthóir TG4 agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.

Mhaígh Esslemont gur  “gearradh siar” ar acmhainní nuachta a bhí ar bun ag RTÉ.

“Ní shin an bealach atá muid ag iarraidh a dhul. Tá daoine in easnamh i gCorcaigh, tá daoine atá imithe ar saoire. Bhuel, má tá siad ar saoire, caithfear clúdach a chur ar fáil. Ar bhealach, beidh teannas idir muidne agus RTÉ agus sílim gur teannas folláin a bheas ann agus teannas atá ar mhaithe leis an Ghaeilge,” a dúirt Esslemont.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil Nuacht TG4 i gcruachás maidir le cúrsaí foirne faoi láthair.

Mar a luaigh Ardstiúrthóir TG4 níl aon iriseoir fágtha ag Nuacht TG4 i gCorcaigh. An bheirt iriseoirí a bhíodh i gCorcaigh – Barraí Mescall agus Grett O’Connor – duine acu imithe ar scor agus an duine eile imithe ar luathscor.

Anuas air sin, tá triúr d’fhoireann iriseoireachta na seirbhíse nuachta díreach imithe ar shaoire mháithreachais agus duine eile ar shaoire mháithreachais cheana féin.

Agus duine eile d’fhoireann na nuachta i mBaile Átha Cliath, Máire Treasa Ní Cheallaigh, imithe ar luathscor chomh maith, níl d’iriseoirí anois san ardchathair ag Nuacht TG4 ach comhfhreagraí polaitíochta agus iriseoir amháin.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil geallúint tugtha ag stiúrthóir na nuachta in RTÉ Jon Williams go dtacóidh sé go láidir leis an éileamh go mbeadh cead ag Nuacht TG4 ionadaithe a fhostú fad is atá daoine amuigh ar shaoire mháithreachais.

Dúirt Alan Esslemont go gcreideann sé “go láidir” sa chomhpháirtíocht le RTÉ. “Creidim go bhfuil na hacmhainní agus na scileanna ag RTÉ maidir le hiriseoireacht agus ag an am céanna tá muidne ag craoladh sa tuaisceart agus sa deisceart agus ba mhaith linn dá mbeadh comhpháirtíocht láidir le RTÉ agus leis an BBC,” a dúirt Ardstiúrthóir TG4 ar Adhmhaidin inniu.

Mar a tuairiscíodh anseo inné, tá réiteach aimsithe faoi dheireadh ar an easaontas idir TG4 agus RTÉ faoi sholáthar nuachta Gaeilge an dá stáisiún.

Faoin socrú nua atá déanta sna cainteanna atá ar bun idir an dá stáisiún le breis is bliain anuas, is é ‘Nuacht RTÉ le TG4’ an branda a bheidh in úsáid feasta ag an bhfeasachán nuachta Gaeilge a bhíonn ar RTÉ a hAon tráthnóna ach beidh na “luachanna” eagarthóireachta céanna is a bhí roimhe seo ag an bhfeasachán a chraolfar ó stiúideo nua TG4 i mBaile na hAbhann.

Fág freagra ar 'Amhras ar Esslemont an bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith TG4'