Amhras ann faoi chuarbhóthar na Gaillimhe agus cead tugtha d’athbhreithniú breithiúnach

Dúirt comhairleoir contae áitiúil gur ‘buille marfach’ a bheadh ann do Chonamara mura dtógfaí cuarbhóthar na Gaillimhe

Amhras ann faoi chuarbhóthar na Gaillimhe agus cead tugtha d’athbhreithniú breithiúnach

Tá ráite ag comhairleoir áitiúil gur “buille marfach” a bheadh ann do phobal Chonamara mura rachfaí ar aghaidh leis an bplean cuarbhóthar chathair na Gaillimhe a thógáil.

Dúirt Daithí Ó Cualáin, Comhairleoir Contae de chuid Fhianna Fáil, nach raibh na daoine a bhí ag cur i gcoinne an bhóthair ag smaoineamh ar mhuintir iarthar na Gaillimhe ná an tionchar a bheadh ag cinneadh gan dul ar aghaidh leis an togra ar an gceantar.

Tugadh cead san Ard-Chúirt an tseachtain seo don ghrúpa Galway Race Committee dul ar aghaidh le hathbhreithniú breithiúnach maidir le cinneadh An Bord Pleanála cead a thabhairt an cuarbhóthar a thógáil.

Tá dream eile, Cairde Comhshaoil na hÉireann ag lorg athbhreithniú breithiúnach chomh maith ach cuireadh an cás sin siar go dtí Dé Luain seo chugainn.

Mí na Nollag anuraidh a thug An Bord Pleanála cead don togra €600 milliún dul ar aghaidh ach tá amhras anois ann agus cás i gcoinne na forbartha le tabhairt chun cúirte.

Tá an cuarbhóthar atá beartaithe 18km ar fhad agus rachaidh sé ó thuaidh de chathair na Gaillimhe ón N6 taobh thoir den chathair agus críochnóidh sé idir Bearna agus Na Forbacha ar an R336.

Agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an comhairleoir Daithí Ó Cualáin go raibh sé “scannalach agus náireach” go raibh iarracht ar bun stop a chur leis an togra.

Dúirt an comhairleoir de chuid Fhianna Fáil go raibh pobal Chonamara agus muintir am iarthair “ag brath go mór” ar thógáil an chuarbhóthair.

“Is buille marfach a bheadh anseo do phobal Chonamara mura dtéann cuarbhóthar na Gaillimhe seo chun cinn,” a dúirt sé.

“Feictear domsa nach bhfuil na daoine atá [ag cur i gcoinne an bhóthair] ag cuimhneamh ar phobal Chonamara ná ar phobal iarthair na Gaillimhe a mbeadh an bóthar seo ag teastáil dóibh.”

Dúirt Ó Cualáin go raibh sé ag tógáil chomh fada ar dhaoine dul ó thaobh amháin den chathair go dtí an taobh eile is a thógann sé dul suas an mótarbhealach go Baile Átha Cliath.

“Teastaíonn cuarbhóthar na Gaillimhe agus bheinn ag impí ar na daoine atá ag cur ina aghaidh agus ag cur isteach ar an mbóthar seo tarraingt siar agus cead a thabhairt don bhóthar seo dul chun cinn ar mhaithe le pobal Chonamara agus ar mhaithe le hinfheistíocht do Chonamara agus d’iarthar na Gaillimhe,” a dúirt Ó Cualáin.

Nuair a tugadh cead don chuarbhóthar dul ar aghaidh aimsir na Nollag, measadh go dtógfadh sé idir bliain go leith agus dhá bhliain an bóthar a dhearadh agus tairiscintí a chur amach. Measadh ag an am go bhféadfaí leanúint ar aghaidh le cuid den obair seo fiú dá mbeadh agóid dhlíthiúil in aghaidh an bhóthair.

Tá iarrachtaí ar bun cuarbhóthar a thógáil timpeall ar chathair na Gaillimhe le breis is scór bliain anuas. In 2013, cuireadh ar ceal sa Chúirt Uachtarach cead a bhí tugtha ag an mBord Pleanála cuarbhóthar a thógáil tar éis don chás dul chomh fada le Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa.

Cuireadh tús arís leis an obair tamaillín ina dhiaidh sin agus, tar éis an-chuid moille, thug An Bord Pleanála cead don togra ag deireadh na bliana seo caite.

Faoi na pleananna atá beartaithe don bhóthar, leagfar 44 teach ar an mbealach, thart ar dheich gcinn acusan i nGaeltacht Chonamara. Tá orduithe ceannaigh éigeantaigh fógartha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le roinnt seachtainí anuas.

Fág freagra ar 'Amhras ann faoi chuarbhóthar na Gaillimhe agus cead tugtha d’athbhreithniú breithiúnach'