Amhras ann an dtógfar ‘go deo’ Bóthar Chonamara

Tá ag méadú ar an amhras atá ar Chomhairleoirí Contae Údarás Bardasach Chonamara faoina bhfuil i ndán don phlean bóthar nua a thógáil ó Bhearna go Scríob

Amhras ann an dtógfar ‘go deo’ Bóthar Chonamara

Bhí an chosúlacht ar chúrsaí ag cruinniú d’Údarás Bardasach Chonamara an tseachtain seo go raibh cuid de Chomhairleoirí Contae an cheantair ag teannadh siar ó ‘Bhóthar Chonamara’.

Is é an bóthar nua atá molta – agus go leor staidéir déanta air anois – as Scríob soir go Bearna atá i gceist, an bóthar nua ar ardchaighdeán atá ina pholasaí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe sa taobh ó dheas de Chonamara.

Bhí an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg san amhras go ndéanfaí aon fhorbairt ar an mbóthar go deo.  Dúirt an Comhairleoir Thomas Welby nach n-gabhfadh mórán daoine ag taisteal ar an mbóthar dá mbeadh sé roinnt ó thuaidh de na bailte – ó thuaidh de na garrantaí –  agus d’fhiafraigh an Comhairleoir Seosamh Ó Cualáin cé a chuimhnigh ar an mbealach ó thuaidh seo i dtosach.

Tá an bealach ó thuaidh de na garrantaí ar an gcúrsa ab fhearr le daoine sna pobail anoir as Gaillimh i dtreo Chois Fharraige de réir na dtuairimí a cuireadh chun cinn ag cruinnithe poiblí. Vótáil seisear as seachtar de Chomhairleoirí Contae Chonamara -seachtar a bhí ann san am – ar son an bhealaigh sin ag bordáil ar dheich mbliana ó shin.    

Is iondúil go gcoinnítear mórbhealaí agus príomhbhóithre nua ar fud na tíre amach ó bhailte agus ó cheantair mhórdhaonra agus cuirtear bóithre áitiúla amach chomh fada leo. Ach b’fhacthas don Chomhairleoir Welby, a dúirt sé, nach ngabhfadh daoine amach chomh fada leis an mbóthar nua i ndeisceart Chonamara dá mbeadh sé ar an gcriathrach taobh amuigh de na garrantaí – an ‘Bealach Donn’ mar atá tugtha air go  hoifigiúil.

Ach pé ar bith bealach é, níor mhór go leor de na cúrsaí atá breactha ar pháipéar ag an gcomhlacht saineolaithe a chur ar ceal, a deir an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg.  Tá na cúrsaí seo leagtha amach mar roghanna don bhóthar nua le beagnach deich mbliana agus tá daoine stoptha ó chead pleanála i gcomharsanacht na mbealach seo. 

Géarchéim í seo, a deir Ó Tuairisg.   Is cinnte, a deir sé, go dteastaíonn bóthar nua ó dheas i gConamara ach tá drogall air anois roimh an scéal uilig mar go mb’fhéidir, a deir sé, nach bhféadfaí é a chur chun cinn.  B’fhearr deis a thabhairt do dhaoine ar chead pleanála, a deir sé, agus scaradh leis na cúrsaí le haghaidh an bhóthair, atá breactha ar mhapaí.

Tá na Comhairleoirí i snaidhm i rópa mar gurbh fhearr leis an bpobal an bóthar a chur amach ó thuaidh de thithe agus de ghabháltais anoir i gcaitheamh an bhealaigh as Bearna, an ‘Bealach Donn’. 

Ach is anseo atá an buille mar go bhfuil aitheantas caomhnaithe SAC ar an gcuid is mó den sliabh, taobh ó thuaidh de na garrantaí.  Dris chosáin mhór í seo agus ceist chinniúnach i dtaobh an bhóthair.

Ach d’fhéadfadh roinnt fuascailte a bheith ar na deacrachtaí pleanála dá dtabharfadh an Stát tuilleadh airgid do Chomhairle Chontae na Gaillimhe.  Dúirt an t-innealtóir sinsearach, Damian Mitchell, go gcuirfí an comhlacht saineolaithe RPS ag obair arís dá dtiocfadh gealltanas ar airgead a d’íocfadh iad laghdú líon na mbealach ar an mapa a laghdú ó sheacht gcinn go péire.

“Scéal nua agus scéal maith” a thug an Comhairleoir Noel Thomas ar an méid sin. 

“Tá mé ag cloisteáil ó fheidhmeannaigh na Comhairle le fada nach bhféadfaí tada a dhéanamh i dtaobh na mbealach don bhóthar atá ar an mapa anoir i dtreo Chois Fharraige nó go mbeadh socrú ann faoi chúrsa chuarbhóthar Chathair na Gaillimhe. Is cosúil go bhfuil an coinníoll sin curtha go leataobh anois,” a dúirt Noel Thomas. 

Ach cé a shocróidh an cúrsa ceart sa deireadh?

Tá an chumhacht ag bainistíocht Chomhairle Chontae na Gaillimhe glacadh le moladh na saineolaithe agus iarratas a chur chuig an mBord Pleanála, ach tá leisce orthu é sin a dhéanamh nó go mbeidh tacaíocht na gComhairleoirí Contae acu. 

Meastar go bhfuil leisce ar na Comhairleoirí cinneadh a thógáil nó go mbeidh tacaíocht an phobail acu, nó tacaíocht thromlach an phobail. 

Tá súil ag na Comhairleoirí anois go bhfaighfear pé airgead atá ag teastáil – ní raibh feidhmeannaigh agus innealtóirí in ann praghas a chur air – agus go dtógfar amach cúig cinn de na bealaí atá marcáilte ar na mapaí do Bhóthar nua Chonamara.  Laghdódh seo an ceantar atá gearrtha amach ó chead pleanála go mór.    

Ach mura mbeadh fanta ach cúpla moladh maidir le cúrsa an bhóthair bheadh fadhbanna fós ann.  Mura mbeadh na Comhairleoirí sásta tacú le ceann de na moltaí, bheadh cinneadh le tógáil ag bainistíocht na Comhairle Contae a dhul ar aghaidh le hiarratas pleanála, nó a mhalairt.

Fág freagra ar 'Amhras ann an dtógfar ‘go deo’ Bóthar Chonamara'