Amhráin réabhlóide na Gaeilge agus pátrúin na naomh…

Inné Lá Fhéile Ciarán i gCill Chiaráin i gConamara. Bhíodh cléir na hEaglaise Caitlicí go láidir in aghaidh na bpátrún ar fud na tire fadó…

Amhráin réabhlóide na Gaeilge agus pátrúin na naomh…

Ba é inné Lá Fhéil’ Ciarán i gCill Chiaráin, Conamara.

Pátrún iomlán a bhíodh ann san am a caitheadh. Bhíodh aonach ann, neart cábán agus fáilte faoi leith roimh ‘cheap Jack’—fear a dhíoladh éadach réchaite ar phraghas réasúnach.

D’imigh an cineál sin saoil ach tugadh cuairt aríst inné ar thobar Chiaráin ar thaobh an chnoic agus léadh Aifreann ansin.

Ní fios cén fhad siar sa stair a thosaigh an ceiliúradh seo ach tá a fhios againn go cinnte go raibh sé ann go láidir roimh aimsir an Ghorta.

I Meán Fómhair na bliana 1845 thug boc mór cuairt ar Chill Chiaráin. Ní raibh aon bhóthar isteach go dtí an ceantar an uair sin. Trasna an tsléibhe ón mbóthar as Uachtar Ard don Chlochán ab éigean dó a theacht.

De shiúl a chos a rinne sé an turas, cé is moite de mharcaíocht a fuair sé ar chapall leath bealaigh agus gur cuireadh trasna as Inbhear, Ros Muc, é i mbád iomartha.

Rinne sé cur síos ina dhiaidh sin ar na daoine ag bailiú i gcomhair an phátrúin.

Thug sé faoi deara gur cosnochta a bhí na mná óga ach go raibh bróga faoina n-ascaill acu.

Nídís a gcosa i sruthán ar cholbha an bhaile agus chuiridís orthu na bróga ansin le haghaidh an lae. Bhí bróga gann ag an am agus chaithfí iad a spáráil.

Bhí an cuan lán le báid seoil, a dúirt sé. Ní raibh aon chaint aige ar Aifreann ach rinneadh an turas timpeall an tobair.

Ceapadh go mbeadh scliúchas ann roimh thráthnóna nuair a bheadh poitín ólta ag daoine a raibh cloch sa mhuinchille acu dá chéile ach níor tharla sé.

I mbád go hÁrainn a d’fhág sé Cill Chiaráin. Ag breathnú isteach dó ón bhfarraige ar an gceantar máguaird thug sé suntas don bhail bhreá a bhí ar na barraí.

Cúpla lá ina dhiaidh sin is ea a fógraíodh i nuachtán go raibh an dúchan tagtha ar na fataí suas faoin tír. B’in é tús an Ghorta Mhóir.

Bhí cléir na hEaglaise Caitlicí go láidir in aghaidh na bpátrún ar fud na tíre fadó. Rinne Máirtín Ó Cadhain cur síos air sin agus é ag trácht ar Thobar Cholm Cille. Seo mar a dúirt sé. D’fhág mé an litriú mar a bhí sé aige féin:

‘Ba í an duais ab fhearr a d’fhéadfadh duine a ghealla dhuit ar feadh na bliana go ligfeadh sé ag an bpátrún thú, pátrún Cholm Cille ag a thobar, naoi nó deich de mhílte taobh thiar den Spidéal. Bhí mé a liachtaí sin uair ar an bpátrún, ach ní raibh mé fós ariamh ag an tobar, cé gur chuir mo mháthair turais orm ann i mo pháiste dhom. Tuigim go maith cé an fáth ar chuir an Dochtúr Brí, Easpag Chaisil agus Imligh anseo, amach na tréadlitreacha siúd, ceann acu, is cuimhneach liom i 1813, i nGaeilge álainn freisin, ar geall le foruagraí ó Rialtas Stormont inniu iad ag toirmeasc mórshiúl eicínt. Ag toirmeasc aon phátrún ná aon turas ag aon tobar sa deoise idir a leithéid seo agus a leithéid seo eile de lá a bhí an t-easpag.’

Ar ndóigh bhí an Eaglais agus an Stát ag obair as láimh a chéile, mar ba mhinic leo, leis an gcosmhuintir a choinneáil ina n-áit féin.

An bhliain sin ar chuir Easpag Chaisil agus Imligh an tréadlitir sin amach, 1813, bhí an scríbhneoir Thomas Crofton Croker ag pátrún i nGuagán Barra in iarthar Chorcaí.

Chaith sé píosa mór den tráthnóna ag breathnú ar an damhsa agus ag éisteacht leis an bpíobaire a bhí ag casadh an cheoil.

Le titim na hoíche, a dúirt sé, d’imigh an píobaire agus thosaigh fear a raibh guth breá aige ag casadh amhrán. Amhráin Ghaeilge a bhí iontu agus níor thuig Croker iad.

Dúradh leis gur fear a bhí san amhránaí a chaith seal i mílíste Chiarraí ach gur sciúrsáladh go poiblí i dTrá Lí é cúig bliana roimhe sin nuair a frítheadh amach go raibh sé sna Buachaillí Bána freisin.

D’iarr Croker ar sheanbhean a bhí lena thaobh focail na n-amhrán a aistriú dhó.

Amhráin ag moladh réabhlóide a bhí iontu, a dúirt sé, cáineadh géar ar an Rí Seoirse, mallacht ar na Gaill a bhí ag coinneáil mhuintir na tíre faoi chois agus achainí ar na daoine sampla na Fraince a leanacht agus éirí amach.

Fág freagra ar 'Amhráin réabhlóide na Gaeilge agus pátrúin na naomh…'