Amharc ar an bPlean ‘Náisiúnta’ Forbartha ó cheantar Gaeltachta atá buailte go dona…

An ndéanfaidh an plean nua ‘náisiúnta’ aon leas do mhuintir thoghcheantar Scainimh? Ní dóigh lenár gcolúnaí go ndéanfaidh…

Amharc ar an bPlean ‘Náisiúnta’ Forbartha ó cheantar Gaeltachta atá buailte go dona…

‘All politics is local,’ a dúirt Tip O’Neill fadó. B’in fear a raibh dualgais mhóra náisiúnta air i Meiriceá ach thuig sé go rímhaith freisin dá ndéanfadh sé faillí i gcúraimí a cheantair féin gur beag meas a d’fhanfadh air.

I gceantar toghcháin Scainimh atá mise i mo chónaí, 70 ciliméadar siar ó Chathair na Gaillimhe. Trí shúile an cheantair seo atá sé de dhualgas orm an Plean nua ‘Náisiúnta’ atá foilsithe a chíoradh agus a mheas.

Cuirfear i mo leith láithreach gur paróisteachas atá ag goilliúint orm. Cloiseann muid neart pápaireachta faoin bhfocal sin.

Is éard a chiallaíonn sé go hiondúil dílseacht do cheantar eicínt atá taobh amuigh de Bhleá Cliath.

Má chaitear billiún euro ar bheart forbartha san ardchathair is é an leas náisiúnta atá i gceist . Má chaitear milliún euro ar thogra faoin tuath is cúis amhrais é.

De réir dhaonáireamh 2016, is é ceantar toghcháin Scainimh an 15ú ceantar is measa sa tír ó thaobh dífhostaíochta de. Nuair a cuireadh slat tomhais de chineál eile air frítheadh amach gurbh é an ceantar is buailte sa gcontae é.

An ndéanfaidh an plean nua ‘náisiúnta’ aon leas dúinn anseo? Ní dóigh liom go ndéanfaidh.

Teachtaireacht shoiléir amháin atá á thabhairt dúinn sa bPlean ó thús go deireadh – gur cheart dúinn na bólaí seo a thréigean agus ár n-aghaidh a thabhairt ar an mbaile mór.

Cineál Ujamaa, gan an sóisialachas, é seo—an polasaí a tugadh isteach sa Tansáin blianta ó shin. Chomhairligh an rialtas sa tír sin do na tuathánaigh aistriú go dtí na sráidbhailte.

É a dhéanamh go deonach a iarradh orthu ar dtús ach nuair a theip air sin rinneadh dlí de.

Tá sé sách deacair cead pleanála le haghaidh teach a thógáil a fháil anseo faoi láthair.

Ní bheidh sé tada níos deacra faoin bPlean nua, a dúirt an tAire Stáit Seán Kyne ar Iris Aniar ar RnaG.

Beidh, a dúirt Éamon Ó Cuív, mar go gceapfar Rialtóir a choinneos súil ar aon fhorbairt a bheas ag tarlú agus a chinnteos nach dtógfar ach líon teoranta tithe sna ceantair thuaithe.

Dá mbeadh bóthar fiúntach go Gaillimh againn d’fhéadfadh daoine a dhul ag obair ansin chuile lá agus a theacht abhaile tráthnóna. Ach ní cheadófar a leithéid de bhóthar dhúinn má leantar leis an moilleadóireacht faoin N59 trí na sléibhte ó thuaidh agus faoin mbóthar nua a theastaíonn soir le farraige.

Tá muid sáinnithe ar gach taobh anseo ag rialacha caomhnaithe agus muid cuibhrithe ar stiall chaol talún. ‘Stiall Ghaza’ mar a thugaimse air.

Deirtear linn go bhfuil cumhacht iontach sna tonnta atá ag briseadh siar uainn agus sa stoirm a shéideann isteach orainn. Cumhacht mar sin a bheas ag teastáil sna blianta atá romhainn, de réir na n-eolaithe.

Ach dá bhféadfaí leictreachas a bhaint as na tonnta agus as an ngaoth seo amárach cén chaoi a dtabharfaí trí na ceantair chaomhnaithe é nuair nach bhfuil cead againn troigh amháin de leithead a chur ar an N59?

Ní bheadh sé éasca an leictreachas a thabhairt aniar cinnte, a dúirt duine de na heolaithe linn lá a raibh muid ag plé an ábhair i gComhairle Chontae na Gaillimhe.

Caithfear súil a choinneáil ar an gcostas nuair atá na ceantair thuaithe faoi chaibidil, a deir an dream a bhíonn ag pápaireacht. Tá sé costasach seirbhísí a chur ar fáil do phobal scaipthe tuaithe, a deir siad.

Rinne Éamon Ó Cuív spior spear den argóint sin ar Raidió na Gaeltachta agus ar TV3 nuair a chruthaigh sé go bhfuil sé níos daoire seirbhísí a chur ar fáil do theach i mBleá Cliath ná do theach i gCorr na Móna.

Ós ag caint air é, cá bhfuil na ceantair thuaithe ar aon chaoi?

De réir thuarascáil CEDRA , an dream a raibh Pat Spillane i gceannas orthu, is ionann iad agus na ceantair atá taobh amuigh de na cathracha.

Nuair a bhí Michael Ring, an tAire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, ag caint ar na ceantair thuaithe ar Drivetime ar RTE1 bhí sé ag déanamh gaisce as tionscail atá i gCathair na Mart agus i mBaile an Róba.

De réir na cáipéise atá foilsithe anois ní ceantar tuaithe lonnaíocht ar bith a bhfuil os cionn 1,500 duine inti. Sin le rá nach faoin tuath atá muintir an Chlocháin i gConamara!

An marach is mó ar fad atá ar an bPlean ‘Náisiúnta’ nach bhfuil caint ar bith ann ar chumhacht pholaitíochta a aistriú go dtí na réigiúin.

Tharraing an scríbhneoir Desmond Fennell aird éifeachtach air sin i litir chuig an Irish Times an lá faoi dheireadh. Luaigh sé sampla na Gearmáine, tír a bhfuil sé réigiún déag féinrialtais inti.

Tá forbairt chothrom ag tarlú sa nGearmáin dá réir.

Labhair Deasún arís ar Tom Barrington a chaith cuid mhór dá shaol ag moladh dílárú cumhachta. Ba é a scríobh The Irish Administrative System agus From Big Government to Local Government.

Níor thug lucht maorlathais ná polaitíochta aird an mhada ar a chuid oibre.

Níor géilleadh sách maith ach oiread do Dheasún féin nuair a bhí sé ina chónaí i Maínis i gConamara agus é ag craobhscaoileadh shoiscéal an réigiúnachais.

Eisean a mhol dúinn Údarás daonlathach Gaeltachta a éileamh an chéad lá riamh. Bunaíodh é ach tháinig an lá ar choill Fine Gael é agus ar mhúch siad a chuid daonlathais.

Níor tháinig gíog ná míog a b’fhiú a lua as na heagraíochtaí Gaeilge. Níor tháinig ná as pobal na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Amharc ar an bPlean ‘Náisiúnta’ Forbartha ó cheantar Gaeltachta atá buailte go dona…'