Dianchainteanna Breatimeachta le tosú ach ‘ní mór a bheith cúramach, diongbháilte agus foighneach’

Tá cead an 27 ballstát eile faighte chun tús a chur le dianchainteanna 'tolláin' maidir leis na moltaí is déanaí atá déanta ag Boris Johnson i dtaobh an Bhreatimeachta,

Dianchainteanna Breatimeachta le tosú ach ‘ní mór a bheith cúramach, diongbháilte agus foighneach’

Michel Barnier agus Stephen Barclay.

Tá cead an 27 ballstát eile faighte chun tús a chur le dianchainteanna ‘tolláin’ maidir leis na moltaí is déanaí atá déanta ag Boris Johnson i dtaobh an Bhreatimeachta, moltaí a shíltear a chuir sé faoi bhráid an Taoisigh Leo Varadkar inné.

Ní fios go fóill cad iad na moltaí is déanaí a réitigh an bealach do na dianchainteanna.

Tuairiscíodh an méid sin tráthnóna tar éis do Michel Barnier  cruinniú “fiúntach” a bheith aige ar maidin le rúnaí Breatimeachta na Breataine Stephen Barclay. Dúirt Barnier i ndiaidh an chruinnithe sin gur gá “foighne” maidir leis na hiarrachtaí teacht ar réiteach ar an tsáinn.

“Mar atá ráite cheana agam is ionann an Breatimeacht agus dreapadh sléibhe. Ní mór duit a bheith cúramach, diongbháilte agus foighneach,” arsa Michel Barnier, príomh-idirbheartaí Breatimeachta an AE.

Dúirt urlabhraí de chuid Rialtas na Breataine chomh maith gur cruinniú “fiúntach” a bhí ann.

I ndiaidh an chruinnithe chuir Michel Barnier ambasadóirí an 27 ballstát eile ar an eolas faoin bplé is déanaí.

Tháinig cruinniú Barnier agus Barclay sna sála ar chomhráiteas an Taoisigh Leo Varadkar agus Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson inné inar dúradh go gcreideann siad go bhfuil “bealach ann le teacht ar mhargadh” maidir leis an mBreatimeacht.

Chuir Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, fáilte fhaichilleach roimh an ráiteas sin ach dúirt sé go raibh “an t-am beagnach caite” agus nach raibh “aon bharántas” ann go dtiocfaí ar réiteach.

Dúirt Michel Barnier Dé Céadaoin nach “féidir” leis an Aontas teacht ar shocrú leis an Ríocht Aontaithe faoi láthair agus go raibh “údar mór imní” i moltaí fuascailte Boris Johnson maidir le ceist theorainn na hÉireann go háirithe.

Ach tá athrú poirt de bheagán ar an scéal ó shin, go háirithe i bhfianaise chruinniú an lae inné idir Varadkar agus Johnson.

Lá corrach ceart i scéal an Bhreatimeachta ab ea Dé Máirt na seachtaine seo, nuair a chuir foinse anaithnid i Sráid Downing i leith sheansailéir na Gearmáine Angela Merkel go raibh veto á bhagairt aici chun an Ríocht Aontaithe a stopadh ón aontas custam a fhágáil. 

Chuir Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, i leith Boris Johnson an lá céanna nach raibh bun ná barr lena chur chuige.

Trí seachtaine atá fágtha go dtí lá an Bhreatimeachta, an 31 Deireadh Fómhair.

Tá sé seanráite ag Boris Johnson go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAE faoi Shamhain is cuma cad a tharlóidh.

Tá sé seanráite aige freisin nach bhfuil bealach ar bith go n-iarrfadh sé síneadh ama ar an mBreatimeacht agus dúirt sé go mb’fhearr leis ‘bás a fháil i ndíog’ ná a leithéid a iarraidh. 

Ach de réir reachtaíocht a tugadh isteach chun cosc a chur ar an mBreatimeacht gan mhargadh, bheadh iachall ari litir a sheoladh ag lorg síneadh ama sa chás nach n-aontófaí margadh imeachta.

Ceist theorainn na Breataine in Éirinn agus an chúlstop chun teorainn chrua a sheachaint an dris chosáin is mó sa tsáinn Breatimeachta.

Tá ráite ag Boris Johnson nach nglacfaidh sé leis an gcúlstop ach tá an tAE agus Éire diongbháilte de nach ndéanfar aon leasú ar an gcúlstop, an polasaí árachas chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Fág freagra ar 'Dianchainteanna Breatimeachta le tosú ach ‘ní mór a bheith cúramach, diongbháilte agus foighneach’'