Amanta caithfidh tú duine eile a thrust go hiomlán…

Tá spioradáltacht ag baint le turas ar bhád agus an caidreamh a bhíonn agat le do chomhbhádóirí

Amanta caithfidh tú duine eile a thrust go hiomlán…

Iarradh orm le gairid rud a dhéanamh a bheadh an-deacair, shíl mé. Bhí duine de mo chuid cairde ag iarraidh cúnamh le píosa scríbhneoireachta – rud beag gearr, a d’fhéadfadh sí a léamh amach mar ‘mian phósta (wedding wish).’

Ba bheag eolas eile a thug sí dom – ach amháin gur mhaith léi go mbeadh téama na bádóireachta dragain leis an bpíosa.

Anois, chuir sé sin ag machnamh mé. Níor dhúirt sí go raibh ‘Guí an Phobail’ ag teastáil uaithi. Níor luaigh sí an tAifreann beag ná mór. Rinne mé amach go mb’fhéidir gur searmanas sibhialta a bhí le bheith ann. Shamhlaigh mé iad ina seasamh cois locha nó in áit éigin eile seachas eaglais.

Ach céard a d’fhéadfainn a scríobh a mbeadh baint nó ceangal éigin aige leis an mbád dragain?

Nuair a bhí muide amuigh le gairid cúpla babhta sa mbáisteach, sa ngairfean, ar an Duga, nó ar Loch na Rinne i gcontae Liatroma, ba bheag ár n-aird ar chúrsaí spioradáltachta ná ar aon ní a chuirfeadh an ghuí i gcuimhne dúinn. Seachas b’fhéidir achainí a dhéanamh ar Dhéithe na haimsire a bheith lách agus cúpla nóiméad triomaigh a bhronnadh orainn.

Ina dhiaidh sin féin, bhí a fhios agam go raibh féith éigin spioradálta ag baint leis – agus go dtéann an spórt seo i bhfad siar sa stair, go háirithe in oirthear an domhain. Cleachtann muide é toisc go bhfuil sé thar cionn dóibh siúd a raibh ailse bhrollaigh orthu tráth agus tá an spórt ag scaipeadh ar fud an domhain, go háirithe i measc an dreama sin. Ní rámhaíocht atá ann ach ‘padláil’. Bíonn muidne ag dul ar aghaidh san áit a mbíonn rámhaithe ag dul ar gcúl.

Ceaptar gur cuireadh tús leis sa tSín dhá mhíle go leith bliain ó shin. Deirtear go mbíonn ómós ar leith ag daoine san oirthear don dragan, le go mbeidh rath ar an aimsir agus ar an bhfómhar ríse. Anois, ní Dia beag ná mór é an dragan, ach ceaptar go bhfuil cumhachtaí aige ó thaobh na haimsire de. (Ach amháin i gcontae Liatroma.)

Cloíonn na clubanna bád dragain ar fud an domhain le go leor de na nósanna a bhaineas leis an spórt san Áise. Cuirimid cloigeann dragain ar ghob an bháid nuair a bhímid ag rásaíocht, mar shampla. Agus nuair a fhaigheann muid bád nua, tá searmanas ann ina gcuirtear púicín ar ‘shúile’ an dragain agus ansin cuireann duine áirithe dath ar na súile agus ‘beannaímid’ an bád nua agus gach duine a bheas ag dul amach ar an uisce inti.

Bhreac mé síos cúpla focal faoi stair an spóirt agus an taobh ‘spioradálta’ a bhaineas leis an ómós don dragan.

Thosaigh mé ag cuimhneamh ansin ar na daoine a d’fhág muid le bliain nó dhó anuas – ach ní raibh mé ag iarraidh go dtosódh daoine ag caoineadh le linn bainise.

Ach tháinig smaoineamh chugam ansin faoi nós eile atá againn agus muid i ndiaidh seisiún traenála ar an duga, go háirithe má bhíonn an lá ciúin. Go minic, agus muid ar ár mbealach ar ais isteach chuig an bpontún le taobh na canálach, iarrann an bhean stiúrach orainn ár súile a dhúnadh.

‘Bígí in bhur dtost anois,’ a deir sí. ‘Agus is féidir le chuile dhuine agaibh machnamh a dhéanamh ar rud atá gar do bhur gcroí féin.’

Anois, d’fhéadfadh sé go mbeadh scór ban le maidí ag padláil faoi stiúir aon duine amháin atá ar ár gcúl, agus muide ar fad agus ár súile dúnta againn. Coinníonn sise a súile oscailte ar ndóigh ach ise an t-aon duine atá in ann ár dtreo a fheiceáil. Tá trust mór ag baint leis seo. Tá tú ag brath ar do chomhphadlálaithe agus ar mheabhair bhean na stiúrach.

Ach tá sonas ar leith ag baint leis an gcúpla nóiméad sin. Tá tú ag éisteacht le ‘splis-splais’ do chomhbhádóirí agus ag brath ar an rithim sin chun an criú ar fad a thabhairt i dtír slán. (Má bhíonn duine amháin ag bualadh an uisce nuair atá na maidí crochta ag chuile dhuine eile, cuirfidh an duine sin an criú agus an rithim trína chéile.)

Amanta, caithfidh tú duine eile a thrust go hiomlán, scríobh mé. Agus amanta is deas an rud é briseadh beag a thógáil ó ghnáthchúraimí an tsaoil agus beagáinín machnaimh a dhéanamh ar rudaí atá istigh inár gcroithe féin agus ar dhaoine a casadh orainn a chuaigh i bhfeidhm  orainn.

Agus is deas an t-aistear é – fiú amháin mura bhfuil tú lánchinnte cá bhfuil tú ag dul. Sroichfidh muid ceann scríbe le chéile.

Fág freagra ar 'Amanta caithfidh tú duine eile a thrust go hiomlán…'