Tá daoine ann a léann sliocht as leabhar spioradálta roimh dhul a chodladh dóibh; is maith liomsa athléamh a dhéanamh, agus mé sa leaba, ar shleachta as leabhar faoi cheird na scríbhneoireachta. An oíche cheana bhain mé Wild Mind, leabhar de chuid an ghúrú scríbhneoireachta as Meiriceá, Natalie Goldberg, anuas den tseilf agus tharla ar an sliocht seo:
The last month that I was finishing Banana Rose, I was angry all the time. I couldn’t understand it because I thought I should be happy.
I called Kate and told her.
She said, ‘Oh, yeah, you’re finishing a novel. The two I wrote – when I came to the end – I was furious all the time.’
Theastaigh uaim béic a ligean asam. ‘Agus mise! Agus mise!’
Le seachtain anuas bhí fíor-dhrochspion orm. Bhí mé chomh spíonta sin ag an scríbhneoireacht gur beo ar éigean a bhí mé. Bhí orm dreasanna codlata a dhéanamh i lár an lae toisc nach raibh mé ag codladh i gceart san oíche, bhí rudaí beaga nár cheart do dhuine ligean dóibh cur isteach air do mo chur le báiní – ní fios cá mhéad coisí ar chuir mé eascainí ina dtreo toisc go raibh siad ag siúl romham, ar a sáimhín só, ar an bhfocain raon rothar.
Ní raibh aon ghoile agam, agus thagadh masmas orm uair ar bith dá gcuimhnínn ar an úrscéal a bhí á chríochnú agam.
Mar bharr ar an donas, ní raibh á chríochnú agam, dáiríre, ach an chéad dréacht den úrscéal sin – go bhfóire Dia ar na coisithe a mbeidh sé de mhisneach acu siúl ar an raon rothar nuair a bheidh bailchríoch á cur agam ar an dréacht deireanach!
Chuaigh mé trí thréimhsí mar seo le chuile cheann den cheithre leabhar ficsin atá scríofa agam, ach bhí dearmad déanta agam ar an masla a chuirtear ar anam agus go deimhin ar cholainn an scríbhneora nuair a bhíonn saothar á thabhairt chun críche aige.
‘Anger is an emotion that demands motion, change. The energy of anger pushed me through,’ a scríobhann Natalie Goldberg. ‘But I think the anger was also the beginning of my grief. This load I carried that I had learned to love and hate, was involved in, was coming to an end.’
Tá an ceart ar fad aici. Caidreamh grá ag teacht chun críche – sin é an rud is mó a chuireann an crá croí a bhaineann le bailchríoch a chur ar mhórphíosa ficsin i gcuimhne dom.
Ní hionann agus deireadh caidrimh, áfach, is féidir an fhulaingt a bhaineann leis an scríbhneoireacht chruthaitheach a phleanáil. Bíodh aithne agat ort féin, an chomhairle a chuirfinn ar scríbhneoir ar bith. Bíodh saoire socraithe agat i ndiaidh spriocdháta ar bith. Agus bí go deas leis na daoine timpeall ort. Ní orthusan an locht
Fág freagra ar 'Amach as mo bhealach, tá úrscéal le críochnú agam!'