Am d’uaireadóir nua…

Uaireadóir maith a bheadh faiseanta agus a mbeadh fonn ort é a choinneáil i gcónaí? Cad a mholfadh ár gcomhfhreagraí faisin?

Bronntanas speisialta a theastaigh do bhean óg a bhí tar éis iarchéim ollscoile a bhaint amach – uaireadóir maith a bheadh faiseanta agus a mbeadh fonn uirthi a choinneáil i gcónaí. Céard a mholfainn? Sin í an cheist a cuireadh orm le gairid.

Thuig mé go maith nach raibh muid ag caint ar Rolex, Cartier nó Patek Philippe a chosnódh €100,000 an ceann. Go deimhin, bhí uasmhéid de €300 luaite liom don ócáid speisialta seo. Ar ndóigh, is mó de ráitis faisin agus stíle iad uaireadóirí anois agus is tábhachtaí sin ná an fheidhm phraiticiúil atá leo –  mar uirlis ama. Chuaigh mé i mbun bleachtaireachta.

Ní dócha go raibh oiread rogha ar an margadh riamh d’uaireadóirí faiseanta ó cuireadh an chéad cheann ar fáil 500 bliain ó shin.  Mhol mé 7 gcinn de roghanna ó dhearthóirí agus comhlachtaí éagsúla a raibh praghas idir €42.86 agus €288 orthu. Thaitneodh aon cheann de na 7 gcinn go mór liom féin. 

1. Uaireadóir mór órphlátáilte agus leathair i ngorm le Olivia Burton ar €107.151.Uaireadóir mór órphlátáilte agus leathair i ngorm le Olivia Burton ar €107.15

Beirt bhan óg ón Bhreatain a casadh lena chéile sa London School of Fashion a bhunaigh an comhlacht deartha uaireadóirí Olivia Burton sa bhliain 2012. Bíonn rogha leathan dathanna agus patrúin éagsúla ar tairiscint ina gcuid táirgí.  Tá stíl mhín bhanúil ina gcuid uaireadóirí agus roghnaigh mise an ceann seo le stropa leathair i ndath éadrom gorm.

2. Uaireadóir Clasaiceach ‘St. Andrews’ le Daniel Wellington ar €255.72INDOWS-1252?Q?s=92_le_Daniel_Wellington_ar_=80255.72

Ó tharla stíl chlasaiceach a bheith ag baint leis an gceann seo ón dearthóir Sualannach Daniel Wellington, ní rachaidh sé ‘as faisean’ go deo.  Tá an-tóir le gairid ar lucht blagála faisin ar shaothar an dearthóra seo; moltar é as an stíl ‘fearúil’ atá ina chuid uaireadóir ban, rud ata go mór sa bhfaisean faoi láthair.

Ó tharla stíl chlasaiceach a bheith ag baint leis an gceann seo ón dearthóir Sualannach Daniel Wellington, ní rachaidh sé ‘as faisean’ go deo.  Tá an-tóir le gairid ar lucht blagála faisin ar shaothar an dearthóra seo; moltar é as an stíl ‘fearúil’ atá ina chuid uaireadóir ban, rud ata go mór sa bhfaisean faoi láthair.

3. Uaireadóir ilfheidhmeach i gcruach dosmálta le Fossil ar €149S-1252?Q?ach_dosm=E1lta_le_Fossil_ar_=80149

Ollchomhlacht Meiriceánach é Fossil atá ag cur uaireadóirí dea-dheartha ar fáil ón mbliain 1984.  Uaireadóir álainn é seo in ór rósdaite le stropa leathan i ndath béis. Seo uaireadóir a mbeidh tarraingt na súl aige.

4. Uaireadóir ‘Gramercy’ le Kate Spade ar €156 2?Q?le_Kate_Spade_ar_=80156

Dearthóir nua go maith í an Meiriceánach Kate Spade as Missouri ach is léir gur de shliocht Éireannach í mar gur Katherine Brosnahan a bhí uirthi roimh phósadh di. Le malaí láimhe a thosaigh sí mar dhearthóir ach tá gach cineál ábhar agus earra a ndearadh anois aici, uaireadóirí deasa san áireamh. Le gairid a tháinig siad ar díol sa tír seo i Kildare Village. Dath an airgid atá ar an gceann atá roghnaithe agamsa agus is margadh maith é ar €156.

5. Uaireadóir dubh ‘Liten’ le Larsson & Jennings ar €257S-1252?Q?Larsson_&_Jennings_ar_=80257

Seo an ceann is fearr ar fad liom féin ó chomhlacht atá lonnaithe i Stockholm agus Londain. Fearúil agus clasaiceach na focail a rithfeadh leat don uaireadóir álainn dubh seo atá ar fáil ar líne.

6. Uaireadóir cronagraf órphlátáilte le Michael Kors (MK5556) ar €2886. Uaireadóir cronagraf órphlátáilte le Michael Kors (MK5556) ar €288

Tá Michael Kors are dhuine de na dearthóirí is mó a bhfuil tóir agus cáil air anseo faoi láthair, a bhuíochas sin dá chuid málaí leathair, seodra agus uaireadóirí. Is é a dhearann gúnaí d’aisteoirí ban móra le rá go rialta d’ócáidí i Hollywood. Is é a dhear an gúna do Michelle Obama dá portráid oifigiúil le linn chéad téarma a fir chéile mar Uachtarán. Seo an t-uaireadóir is daoire a roghnaigh mé ach measaim gur luach maith ar airgead é.

7. Uaireadóir mór órga dubh le huimhreacha Rómánacha ó River Island ar €42.867. Uaireadóir mór órga dubh le huimhreacha Rómánacha ó River Island  ar €42.86

Seo an ceann is saoire a roghnaigh mé agus cé go mb’fhéidir go gceapfadh daoine go bhfuil sé róshaor d’ócaid chomórtha speisialta, tá ardchaighdeán stíle ag baint leis. Is minic go bhfeictear aithris éigin ar obair Michael Kors sna huaireadóirí ó River Island ach tá siad ealaíonta agus éagsúil ina mbealach féin. Cinnte, níl a sárú le fáil maidir le luach ar airgead i ngnáthshiopaí más mian leat praghsanna na ndearthóirí móra a sheachaint.

Fág freagra ar 'Am d’uaireadóir nua…'