Am craolta na gclár Gaeilge ar RTÉ á bhreithniú

D'fhéach 258,100 duine ar eagrán athchraolta den tsraith Scannal Dé Máirt

Am craolta na gclár Gaeilge ar RTÉ á bhreithniú

Tá am craolta na gclár Gaeilge á scagadh ag RTÉ faoi láthair agus cláir á gcraoladh acu ag amanna eile seachas am craolta traidisiúnta na gclár Gaeilge ar an stáisiún –  7:00 tráthnóna Dé Luain.

Is ag an am sin Dé Luain a chraoltar cláir Ghaeilge RTÉ le fada an lá, ach d’fhéadfadh go bhfuil deireadh i ndán don nós seanbhunaithe sin má éiríonn leis na hathruithe sceidil atá á dtriail ar bhonn píolótach faoi láthair.

Is cosúil go bhfuil rath áirithe ar na hathruithe trialacha cheana féin.

D’fhéach 258,100 duine ar eagrán athchraolta den tsraith Scannal Dé Máirt seo caite nuair a craoladh ag 6:30pm é, tar éis an chláir nuachta ‘Six-One’ nach maireann ach leathuair a chloig le linn sceideal an tsamhraidh.

B’ionann an lucht féachana sin agus beagnach 27% de na daoine a bhí ag féachaint ar an teilifís an t-am sin Dé Máirt, agus d’fhéach níos mó daoine ar Scannal ná mar a d’fhéach ar aon chlár eile a craoladh in Éirinn ag 6:30.

Dar le Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, go léiríonn an rath a bhí ar an eagrán sin de Scannal “an bealach gur féidir linn [RTÉ] cláracha maithe Gaeilge a chur os comhair pobal féachana ollmhór”.

“Nuair atá tú in ann lucht féachana de bhreis agus ceathrú milliún duine a aimsiú d’athchraoladh ag 18:30 tráthnóna breá samhraidh, tugann sé le fios an chumhacht a bhaineann le hardán ar nós RTÉ One,” a dúirt Mac Con Iomaire le Tuairisc.ie.

Tá a laghad clár Gaeilge a bhíonn ar RTÉ á chásamh le fada ach maíonn Grúpcheannasaí Gaeilge an stáisiúin go “mbeidh méadú suntasach ar líon an ábhair nua Gaeilge a chraolfar as seo go deireadh na bliana seo chugainn”.

Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil sraith eile de Scannal mar chuid de sceideal nua RTÉ One. Fógraíodh freisin go mbeidh sraith nua Ghaeilge ar RTÉ 1 á cur i láthair ag Harry McGee, an t-iriseoir ón Irish Times.  Féachfaidh Scáil An Daonlathais ar an tionchar a bhíonn ag an teilifís ar pholaitíocht na hÉireann.

I measc na sraitheanna nua Gaeilge atá beartaithe ag RTÉ, tá Timpeall na Páirce, léiriú de chuid an chomhlachta as Conamara, Meangadh Fíbín, a bheidh á cur i láthair ag Dara Ó Cinnéide. Pléifidh an tsraith seo leis an rian atá á fhágáil ag an eolaíocht ar Chumann Lúthchleas Gael.

Is é an t-eacnamaí aitheanta Dan O’Brien a chuirfidh an tsraith, Coimisiún na Talún – Tír Tairngire i láthair.

Tá sraith eile den chlár An Geansaí agus clár aon uaire ar stair fhéilte móra ceoil na tíre beartaithe chomh maith ag an stáisiún. 

Ina theannta sin, tá RTÉ ag lorg iarratas faoi láthair ó chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha le haghaidh cláir Ghaeilge aonuaire.

Fág freagra ar 'Am craolta na gclár Gaeilge ar RTÉ á bhreithniú'