Am breise tugtha don tSeirbhís Cúirteanna le foirm ghiúiré a chur ar fáil i nGaeilge

Faoin reachtaíocht teanga nua beidh dualgas ar an tSeirbhís Cúirteanna foirm dhátheangach a chur amach chuig daoine atá á ngairm chun a bheith ar ghiúiré

Am breise tugtha don tSeirbhís Cúirteanna le foirm ghiúiré a chur ar fáil i nGaeilge

Tá breis ama tugtha don tSeirbhís Cúirteanna lena chinntiú go mbeidh an ghairm chun a bheith ar ghiúiré i nGaeilge.

Faoin reachtaíocht teanga nua beidh dualgas ar an tSeirbhís Cúirteanna foirm dhátheangach a chur

amach chuig daoine atá á ngairm chun a bheith ar ghiúiré.

Bhí sé i gceist ag an Aire Stáit Jack Chambers go mbeadh an chuid sin den acht teanga leasaithe i measc na gcéad mhíreanna a dtabharfaí feidhm dóibh an fómhar seo caite, ach níor tharla sin.

Dheimhnigh Roinn na Gaeltachta do Tuairisc gur i mí Mheán Fómhair seo caite a bhí sé i gceist feidhm a thabhairt don chuid sin.

Dúirt urlabhraí na Roinne gur pléadh an scéal leis an tSeirbhís Cúirteanna agus gur géilleadh dá n-iarratas go dtabharfaí breis ama dóibh chun áis teicneolaíochta nua a bhunú.

“Bhí sé i gceist feidhm a thabhairt don fhoráil seo (Alt 16 den Acht) i mí Mheán Fómhair 2022,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

“Tar éis don Roinn an cheist a phlé leis an tSeirbhís Cúirteanna, socraíodh an dáta tosaithe a chur siar go dtí 2023 mar go bhfuil tairseach giúiré nua á fhorbairt mar chuid den chlár nuachóirithe sa tSeirbhís Cúirteanna a bheidh in ann freastal ar fheidhmiúlacht Ghaeilge agus ar phacáistí giúiré a aistriú. Chomh luath is atá sé sin déanta, beidh Ordú um Thosach Feidhme a réiteach le síniú ag an Aire.”

Faoi láthair is i mBéarla amháin a bhíonn an ghairm chun a bheith ar ghiúiré.

Fág freagra ar 'Am breise tugtha don tSeirbhís Cúirteanna le foirm ghiúiré a chur ar fáil i nGaeilge'

  • Dónall Mór Mac Billing(s)

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    —- Moill ró-fhada agus Achtanna Neamhdhlíthiúla ó bunaíodh an Stát —–

    Dá dtarlódh seo i dtír ar bith eile mar shampla an Fhrainc, an Bheilg srl.
    bheadh lucht déanta an Dlí sna cillíní taobh liom le fada an lá.

    —“Deir an Breitheamh Gerard Hogan gur údar mór imní é go bhfuil 450 acht le haistriú go Gaeilge agus gur léirigh an mhoill go ‘soiléir’ nach raibh an stát ag cloí le dualgas bunreachtúil follasach—”

    ” Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de reir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. ————— Ní raibh na hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Chóiriúil’ (Pholaitiúil) faoi lán seoil ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    Ach, ach, mo léan is mo trua agus bhrón,
    is cuimhin liom na sean-laethanta agus
    mise os comhair na Cúirte Polaitiúla Speisialta
    mar a bheadh ‘An duine deireadh de na Mochains (sic)’
    nó Oisín i ndiaidh na bhFéinne’
    ag crá croí faoin ‘cheap magaidh’
    a bhídís ag déanamh fúmsa ag labhairt
    is ag iarraidh caipéisí Gaeilge, ach mo léan géar.

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil (2014-2022) ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’.

    Ar aghaidh chun bua agus Achtanna Dlíthiúla —- le mo phianbhreith a chur ar neamhní !!!

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht/Jailteacht
    Phríosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************