Am ag Luimneach rudaí a chur ina gceart, na Cláirínigh féin ba chúis lena dteip agus seantréithe na gCat le feiceáil

Caitheann Tuairisc súil siar ar na scéalta móra ó chluichí ceannais na gcúigí i gCraobh Shinsir Iomána na hÉireann

Am ag Luimneach rudaí a chur ina gceart, na Cláirínigh féin ba chúis lena dteip agus seantréithe na gCat le feiceáil

Luimneach chun leas a bhaint as an mbriseadh

Théis an cur agus cúiteamh uile a bhí ann faoi na deacrachtaí a bhí ag iománaithe Luimnigh le cúpla mí anuas, seo anois muid agus a gcúigiú craobh as a chéile buaite acu i gcúige Mumhan agus foireann John Kiely ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann. Tá an dream uile atá fágtha fós ag iarraidh breith orthu.

Ní hin le rá go bhfuil na fadhbanna uile a bhí acu leigheasta ag Luimneach. Throid an Clár go deireadh an chluiche i bPáirc na nGael, ach bheadh siad curtha de dhroim seoil i bhfad níos luaithe ag Luimneach cúpla bliain ó shin nuair a bhí an fhoireann i mbarr a réime.

Údar suntais é díreach cé chomh mór is a bhí Luimneach ag brath ag Aaron Gillane ar an Domhnach. Scóráil an tosach 1-3 ón imirt agus 1-11 ar fad. Ba é féin a bhuaigh trí cinn de na pocanna saora sin a shlánaigh sé. Tá sé deacair a thuiscint cén fáth gur fhág Brian Lohan, bainisteoir an Chláir, Cian Nolan ag marcáil Gillane chomh fada is a d’fhág agus cuireadh srian níos fearr ar naoscaire Luimnigh nuair a rinneadh an t-athrú faoi dheireadh. Ach bhí a rian fágtha ag Gillane ar an gcluiche faoin am sin agus ba mhaith an rud é sin do Luimneach.

Lena cheart a thabhairt dó, thug Tom Morrissey taispeántas ardchaighdeáin eile agus trí phointe ón imirtaige ach ba bheag tionchar a bhí ag Séamus Flanagan, Gearóid Hegarty agus Graeme Mulcahy ar chlár na scór. Léirigh iarrachtaí David Reidy, Cathal O’Neill agus Adam English go bhfuil painéal láidir ag Luimneach go fóill agus Cian Lynch fós le teacht ar ais chomh maith.

Cinnte, tá obair le déanamh ag Luimneach más leo greim a choinneáil ar Chorn Mhic Cárthaigh i mbliana ach tá roinnt seachtainí acu anois chun tabhairt fúithi agus drochsheans nach mbeidh réiteach éigin ag Kiely faoin 8 Iúil.

John Conlon. Pictiúr: INPHO/Evan Treacy

Na Cláirínigh féin is cúis lena dteip

Beidh lucht tacaíochta an Chláir ar buile nár bhronn an réiteoir Liam Gordon poc saor ar a bhfoireann ag deireadh chluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Luimnigh. Bhí an chuma ar chúrsaí go raibh feall déanta ar bheirt d’imreoirí an Chláir agus pointe amháin ag teastáil chun an t-am breise a chinntiú ach thug Gordon neamhaird orthu.

Thuigfeá frustrachas na gCláiríneach ach, i ndáiríre, níor cheart go mbeadh aon ábhar gearáin ag imreoirí na foirne an tseachtain seo agus iad ag féachaint siar ar an gcluiche.

Léirigh an Clár anuraidh agus arís i mbliana go bhfuil siad in ann an fód a sheasamh in aghaidh Luimnigh agus cé go raibh foireann John Kiely cúig phointe chun tosaigh tráth amháin sa dara leath, tháinig an Clár ar ais chun seaimpíní na hÉireann a chur faoi bhrú mór arís. Ní raibh na Cláirínigh in ann teacht ar ais ar comhscór, áfach, agus níl an locht ar aon duine seachas orthu féin, faraor.

Bhí ualach deiseanna ag an gClár sa chluiche, beagnach leathchéad san iomlán, ach chuireadar iarrachtaí amú arís agus arís eile. Níor scóráil an Clár ach 48% de na deiseanna a chruthaigh siad, leibhéal an-íseal sa lá atá inniu ann. Tá moladh tuillte ag Luimneach as an mbrú a chuir siad ar a gcéilí comhraic – rinneadh blocáil ar Tony Kelly faoi dhó ag tráth cinniúnach- ach na Cláirínigh féin, seachas an réiteoir, ba chúis lena dteip.

 

Cillian Buckley. Pictiúr:INPHO/Morgan Treacy

Seantréithe na gCat le brath i mbua Chill Chainnigh

Tá sé luaite go minic faoin tráth seo gur léirigh iománaithe Chill Chainnigh ceann de sheantréithe na gCat ar an Domhnach nuair a chinntigh cúl Cillian Buckley ag fíordheireadh na himeartha go bhfaigheadh siad an ceann is fearr ar Ghaillimh i gcluiche ceannais Laighean. Nuair nach bhfuil ach scór nó dhó idir na foirne, ní féidir Cill Chainnigh a chur as an áireamh riamh agus cé go bhfuil Derek Lyng anois i gceannas ar an bhfoireann, tá rian an mháistir, Brian Cody, fós le brath.

Ní haon ionadh go gcuireann Lyng, a chaith na blianta faoi cheannas Cody, béim ar chuid mhaith de na rudaí ar dhírigh Cody isteach orthu ach bhí ceann eile de sheantréithe Chill Chainnigh go mór le feiceáil san imirt chomh maith agus tionchar mór aici ar an gceannas a bhí ag na Cait sa dá thréimhse ag deireadh an chéad leatha agus ag tús an dara leath – is é sin an forlámhas a bhí ag Cill Chainnigh ar na coimhlintí san aer.

Aon uair gur thuirling an sliotar ón spéir, bhí an chuma ar an scéal gur lámh duine d’imreoirí Chill Chainnigh a rug uirthi agus gabhálacha iontacha déanta ag leithéidí Huw Lawlor, Tommy Walsh, Liam Blanchfield agus Walter Walsh. Tháinig péire de chúil Chill Chainnigh ó ghabhálacha a rinne Blanchfield agus Walsh agus bhí an ceannas a bhí ag na Cait san aer chomh huileghabhálach sin gurbh údar iontais a bhí ann aon uair gur bhac Gaillimh le liathróid mhór fhada a chur i dtreo na dtosaithe.

Conor Whelan na Gaillimhe agus  Mikey Butler agus Eoin Murphy Chill Chainnigh ©INPHO/Morgan Treacy

Tuilleadh gaiscí ó Whelan ag teastáil ó Ghaillimh

Mar sin féin féach gur tháinig an chéad chúl a fuair Gaillimh ó phas den chineál sin nuair a tháinig Paddy Deegan agus Tommy Walsh trasna ar a chéile agus iad ag iarraidh greim a fháil ar an liathróid, rud a thug deis do Conor Whelan éalú isteach agus cúl a scóráil.

Thug Whelan taispeántas iontach uaidh i bPáirc an Chrócaigh agus 1-6 aimsithe ag fear Chinn Mhara ón imirt. Bhí an taispeántas sin ag teastáil go géar ó Ghaillimh ach bhí sé ag teastáil ó Whelan féin freisin. Níl minic an Faolánach i mbarr a mhaitheasa le roinnt blianta anuas agus an seans sin a spreag iarchosantóir na gCat, Jackie Tyrell, le “one-trick pony” a thabhairt air ag leath ama i gcluiche ceannais Laighean. Thug Whelan freagra breá ar chur síos dímheasúil Tyrell ach tá bóthar fada roimh na nGaillimheach más leosan Craobh na hÉireann a bhaint, agus beidh taispeántais den chaighdeán chéanna ag teastáil ó Whelan.

Fadhb ag Gaillimh is ea an easpa cúl le cúpla bliain anuas. Ó tháinig Henry Shefflin isteach mar bhainisteoir, tá seacht gcluiche dhéag imeartha ag Gaillimh i gcoinne na bhfoirne is láidre sa tsraith agus sa chraobh. Ba é cluiche an Domhnaigh an tríú huair gur aimsigh na Gaillimhigh ar a laghad dhá chúl le linn na tréimhse sin. Más leo an ceann is fearr a fháil ar leithéidí Thiobraid Árann agus Luimnigh, caithfidh siad cúil a fháil agus beidh gaiscí eile ó Whelan ag teastáil.

Fág freagra ar 'Am ag Luimneach rudaí a chur ina gceart, na Cláirínigh féin ba chúis lena dteip agus seantréithe na gCat le feiceáil'