‘All politics is local’ tráth a bhfuil tinte á lasadh faoi chosa Aire Stáit na Gaeltachta 

Ní bhíonn ach tine pholaitiúil amháin leathcheansaithe ag Príomh-Aoire an Rialtais nó go lastar ceann eile ar leic an dorais.

‘All politics is local’ tráth a bhfuil tinte á lasadh faoi chosa Aire Stáit na Gaeltachta 

Tá go leor de na nuachtáin náisiúnta ag caint faoin Teachta Dála Noel Grealish le tamall ach tá ceisteanna crua polaitíochta tagtha sa gcosán ar fhear eile sa toghcheantar céanna, an tAire Stáit Gaeltachta agus Príomh-Aoire an Rialtais, Seán Kyne.

Déarfá go mbeadh Seán Kyne ag déanamh iontais den lear tinte atá fadaithe faoina chosa le gairid. Ní bhíonn ach tine amháin leathcheansaithe aige nó go lastar ceann eile agus í chomh te bruite céanna leis an gceann a chuaigh roimpi. Tinte polaitiúla iad seo agus iad fadaithe san áit is contúirtí ar bith – ar leic an dorais.

Dualgas trom é Príomh-Aoireacht an Rialtais agus is troime fós é nuair atá an líon Teachtaí a bhíonn faoi fhuip an Rialtais ruainne gann. Is é an tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne as Maigh Cuilinn i gcontae na Gaillimhe atá i mbun na gcúraimí sin, dualgas tábhachtach i rialú agus i Rialtas na hÉireann faoi láthair. Ach, mar a deir Tip O’Neill, iarchathaoirleach ar Theach na nIonadaithe in Washington, “all politics is local”. An tine bhruite atá faoi do chosa i do cheantar féin, sin í an cailín a scólfaidh thú.

Thosaigh an bhrúchtaíl faoi thalamh an samhradh seo caite. Ceadúnais mhianadóireacht a tharraing an chaint i gConamara. Bhí comhlacht as Ceanada, MOAG, ag iarraidh síneadh a fháil ar cheadúnais tóraíochta atá acu i gCloch na Rón agus i gCarna. Tháinig grúpa chun cinn agus iad ag agóidíocht in aghaidh plean de chineál ar bith – bíodh sé fada gearr uainn – le dhul i mbun mianadóireachta i gConamara. In Ionad Pobail an Mháma i nDúiche Sheoigheach a fuaireadar greim ar Sheán Kyne.

Cuid de chúraimí an Aire Kyne iad na ceadúnais mhianraí. Ag an gcruinniú sin ar an Mám, bhí corrspalla ag dul ina threo agus fiafraíodh de an dtabharfaí ceadúnas tóraíochta do dhuine ar bith i gConamara mura raibh aon seans ann go bhféadfaí a dhul ag tochailt. Mar a tharla sé bhain bean a bhí ag an gcruinniú cuid den ghaoth as seolta na ndaoine a bhí corraithe faoin ábhar nuair a d’fhiafraigh sí cén chaoi a ndearna daoine a mbealach chuig an gcruinniú. Nach raibh a fhios acu gurbh éigean dul ag mianadóireacht in áit éicint leis an ábhar a fháil le haghaidh carr a dhéanamh?

Píosa taobh thoir den Mhám a thosaigh an chéad tine eile. Bhí óstán in Uachtar Ard á réiteach mar ionad dídine do dhaoine a bhí tagtha isteach sa tír agus iad sa tóir ar thearmann polaitiúil. Eagraíodh cruinniú in aghaidh an phlean seo in Uachtar Ard agus bhí 700 duine i láthair. Bhí Seán Kyne ar an stáitse. “Stop the waffling, will you stand for Oughterard or not?” an cheist a cuireadh air i nglór feargach ón urlár. Tháinig daoine eile isteach sa ngleo. Ní fhéadfadh Príomh-Aoire an Rialtais polasaí an Rialtais a cháineadh go poiblí ach d’íoc sé praghas air sin. Cuireadh búáil ina chluasa agus d’éirigh sé as an gcaint. Ní beart deas a bhí sa mbúiríl ach cruinniú poiblí a bhí ann agus tarlaíonn sé mar sin amanna. D’fhéadfadh gur chaill Kyne vótaí in Uachtar Ard an oíche sin agus sin ceantar tábhachtach dó ó thaobh na polaitíochta de.

Ní raibh sé achar ar bith ina dhiaidh sin nó gur fadaíodh tine eile an-ghar dá áit chónaithe féin i Maigh Cuilinn. Tine eile í seo a tháinig aniar aduaidh air. Lucht bainistíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe atá ag fiach ar thithe a cheannacht as éadan, tithe a ligfí amach mar thithe Comhairle Contae. Rinneadar socrú go gceannóidís chuile cheann den 49 teach atá á dtógáil ar imeall thoir Mhaigh Cuilinn. Tithe sóisialta a bheadh iontu feasta, tithe ‘Council’ mar a deirtí sa sean-am.

Tharraing an Comhairleoir Contae áitiúil de chuid Fhianna Fáil, Noel Thomas gleo faoi seo. Ní bheadh an líon sin tithe ceart ná cóiriúil i mbaile ar nós Mhaigh Cuilinn, a deir sé. Tarraingíodh cruinniú poiblí eile faoi na tithe. Bheadh siad seo ar an gcéad eastát tithe Comhairle Contae i Maigh Cuilinn. Bhí Seán Kyne i ladhar an chasúir arís agus é i bhfad ó Theach Laighean, áit a gcinnteodh an Ceann Comhairle cothrom na Féinne dó. Cén bhrí ach an chosúlacht ar an scéal go dtógfaí slám mór tithe eile ar imeall thuaidh Mhaigh Cuilinn. An seasfadh Seán Kyne le Maigh Cuilinn?

Ansin, mar bharr ar an mí-ádh shocraigh Comhairleoirí Contae Chonamara go mbeadh cruinniú acu faoi ghéarchéim na reiligeacha sa gceantar ar beag spás atá fanta ina bhformhór. D’fhreastail triúr Teachtaí Dála ar an gcruinniú, Príomh-Aoire an Rialtais ina measc. Nuair a ceistíodh Seán Kyne dúirt sé go mbeadh i bhfad níos mó airgid i gciste na Comhairle dá mbeadh na Comhairleoirí Contae sásta an cháin mhaoine i nGaillimh a ardú de bheagán. Bhí sé socraithe acusan cúpla seachtain ó shin nach n-ardófaí an cháin mhaoine. Ach tuige an dtarraingeodh Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta a leithéid de rud agus an cháin mhaoine isteach i scéal faoin spás a theastaigh le daoine a chur i gcré na cille, spalla eile caite ag an gComhairleoir Noel Thomas.

Ina rabhartaí a thagann fadhbanna sa mhullach ar pholaiteoirí scaití. Ach ar éirigh leis an Aire Stáit Seán Kyne na tinte sin a lasadh faoina chosa a láimhsiú go stuama. Bhuel, d’fhéadfadh sé, is dóigh, a bheith níos báúla leis an slua in Uachtar Ard, fiú mura n-aontódh sé leo. D’fhéadfadh sé an cháin mhaoine a fhágáil as díospóireacht na reiligí.

An bhfuil dochar déanta don Aire Stáit Seán Kyne ar leic an dorais aige féin?

Na daoine uilig, nó a bhformhór a bhfuil aithne acu air, creideann siad gur fear uasal díreach dáiríre é Seán Kyne. Sin tús maith. Ar an taobh eile den scéal an bhfuil sé ródhíreach mar pholaiteoir scaití? Níl vóta láidir ag Fine Gael sa nGaeltacht i nGaillimh agus tá Seán Kyne ag brath go mór ar Mhaigh Cuilinn agus siar as sin go hUachtar Ard. “Will you stand with Oughterard ?” nó “Will you stand with Moycullen”. San am céanna, tá Seán ag iarraidh na vótaí a chinntiú i nDáil Éireann agus an Breatimeacht á phlé ag cruinnithe Rialtais.

Is deacair chuile thrá a fhreastal ach tá rud amháin cinnte “all politics is local”.

Fág freagra ar '‘All politics is local’ tráth a bhfuil tinte á lasadh faoi chosa Aire Stáit na Gaeltachta '