‘Alexa’ na Gaeilge le míreanna raidió a chur i láthair

Canúint Thír Chonaill atá ag guth sintéisithe nua ach i gCorcaigh is túisce a chloisfear ar an raidió é

‘Alexa’ na Gaeilge le míreanna raidió a chur i láthair

Ní fada go mbeidh guth sintéisithe le cloisteáil ag Gaeilgeoireacht ar an raidió.

Tá guth sintéisithe atá ábalta Gaeilge a labhairt forbartha ag dream atá ag obair ar thionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh.

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh cuidiú le raidiónna áitiúla agus beidh an guth Gaeilge seo i gceannas ar mhíreanna áirithe ar stáisiún raidió i gCorcaigh.

Grassroots Wavelengths is teideal den tionscnamh agus an comhlacht CereProc a chruthaigh an guth sintéisithe.

Maítear gurb é seo an chéad ghuth sintéisithe as Gaeilge atá ar fáil ar an margadh agus tuairiscíodh ar siliconrepublic.com nach fada go mbeidh an guth seo le cloisteáil ag Gaeilgeoireacht ar an raidió.

Ar raidió pobail ar an Oileán Mór in iardheisceart Chorcaí a chloisfear an teicneolaíocht téacs go teanga seo den chéad uair.

Nuair nach mbeidh aon láithreoirí ar fáil sa stáisiún seo, cuirfidh an láithreoir digiteach caint ar fáil i mBéarla na hÉireann agus i nGaeilge.  Canúint Thír Chonaill atá ag an nguth seo d’ainneoin gur i gCorcaigh is túisce a chloisfear ar an aer í.

Tá grúpaí as an bPortaingéil, as an Rómáin agus as an tír seo páirteach sa togra agus é mar aidhm acu gréasán d’ardáin dhigiteacha a chruthú a chuirfeadh ar chumas daoine eolas a scaipeadh i measc an phobail in áiteanna éagsúla.

Beidh ar lucht gnó agus trádála táille a íoc chun an teicneolaíocht seo a úsáid ach beidh sí ar fáil saor in aisce do chúrsaí pearsanta chun cuidiú le haon duine a bhfuil deacrachtaí cumarsáide acu labhairt go digiteach i gcanúint na háite.

Dúirt oifigeach sinsearach eolaíochta CereProc, an Dr Matthew Aylett, go bhfuil éileamh ann go mbeadh canúintí éagsúla ag guthanna sintéisithe mar go bhfuil “Alexa nó Siri leadránach agus an-choitianta”.

“Tá sé in am ag an teicneolaíocht tacú leis an éagsúlacht seachas a bheith ag cothú an dearcadh gur chóir gach rud a bheith mar a chéile,” a dúirt Aylett.

“Cuid lárnach d’fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann í an Ghaeilge agus is féidir an guth seo a úsáid i bpáirt le guth Bhéarla na hÉireann atá cruthaithe againn freisin chun taithí níos pearsanta a chur ar fáil i margadh na hÉireann agus thar lear.”

Dúirt sé go raibh sé tábhachtach go scaoilfeadh tionscnaimh dá leithéid an greim scornaí atá ag corparáidí móra ar theicneolaíochtaí gutha.

“Tá an baol ann gur ag cúpla comhlacht a bheadh ceannas ar ár ngníomhaíochta teicneolaíochta agus ar líne, agus tá sé an-tábhachtach go  nglacfaimis chugainn an éagsúlacht agus ndéanfaí teicneolaíocht a fhorbairt a mbeidh gach duine ábalta leas a bhaint aisti.”

“Tá áthas orainn teangacha nach bhfuil á labhairt go forleathan a chur chun cinn agus tá muid tiomanta do ghuthanna sintéisithe a fhorbairt a mbeidh daoine ina n-acmhainn agus a bheidh ábalta canúintí réigiúnacha ar fud an domhain a labhairt,” a dúirt an Dr Matthew Aylett le siliconrepublic.

Fág freagra ar '‘Alexa’ na Gaeilge le míreanna raidió a chur i láthair'