Albert Fry, duine de mhórGhaeil na hÉireann, ar shlí na fírinne

Ceoltóir, ailtire, fear pobail agus teanga agus iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ab ea Albert Fry as Béal Feirste

Albert Fry, duine de mhórGhaeil na hÉireann, ar shlí na fírinne

Tá Albert Fry, duine de mhórGhaeil Bhéal Feirste agus na hÉireann, tar éis bháis.

Ceoltóir, ailtire, gníomhaí teanga agus iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ab ea Albert Fry a rugadh i i dtuaisceart chathair Bhéal Feirste breis is 80 bliain ó shin.

I 1979, ba é an chéad Tuaisceartach a ceapadh ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge.

Bhain sé cáil amach freisin mar amhránaí. Chuir Gael Linn roinnt albam dá chuid amach, ina measc Albert Fry, Maidin Luan Cincíse an cnuasach amhrán traidisiúnta Tráthnóna Beag Aréir.

Fear mór CLG ab ea é agus d’imir sé do Na Piarsaigh agus d’Aontroim le linn na 1950idí agus na 1960idí. Láithreoir raidió agus teilifíse ab ea é chomh maith.

Thaithíodh sé Cumann Chluain Árd i mBéal Feirste ó 1956 agus bhí baint mhór aige le forbairt an chumainn i mBéal Feirste a raibh sé mar chathaoirleach agus caomhnóir air.

Bhí baint mhór aige le bunú Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad Ghaelscoil sa Tuaisceart.

Bhí Gaeltacht Dhún na nGall an-ghar dá chroí chomh maith agus bhí teach aige i Mín Corrbhaic gar de Chroithlí. Bhí aithne mhór air chomh maith i nGaoth Dobhair agus i Rann na Feirste, mar ar fhoghlaim sé cuid mhaith den stór mór amhrán a bhí aige. Chuir sé an t-albam Thiar i dTír Chonaill amach i 1976.

Fág freagra ar 'Albert Fry, duine de mhórGhaeil na hÉireann, ar shlí na fírinne'

  • Pádraig Ó Baoill

    Cé go bhfuil sé ar shlí na fírinne, beidh a chuid amhrán a chasadh againn go deo.

  • Micheal Mac Aonghusa

    An-laoch ar fad. Bhí sé chun tosaigh ar go leor bealaí. Bhi sé thar chionn mar uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar thuras a rinne ceathrar againn sa DDR sa bhliain 1986 — Albert, Seosamh Ó Cuaig, an tSiúr Córa OP agus mé féin. Chuir Albert go mór leis an turas le greann agus le hamhránaiocht.

  • S. Mac Muirí

    Níor chas mé leis ach aon gheábh amháin. Bhí an-oíche chainte againn 7 b’fhiú éisteacht leis. Bhí aithne mhaith aige ar chleamhnaí de mo chuid.
    Suaimhneas síoraí ar a anam uasal.

  • Mícheál Ó Rusirc

    Albert an Bhéil Bhinn! An-amhránaí go deo. Nuair a smaoiním air, cloisim a ghuth álainn im’ cheann. Suaimhneas síoraí.

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.

  • Gabriel Rosenstock

    Beannacht Dé leis.

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé leis agus beidh a shaothar beo linn go deo .

  • Éamonn Ó Gribín

    Is trua sin….mheall sé lena glorthaí mé chun Gaeilge a fhoghlaim!