Albam sean-nóis curtha amach ag buachaill trí bliana déag as an gCeathrú Rua 

In ainneoin a óige, tá neart duaiseanna agus gradaim buaite ag Liam Ó Ceallaigh cheana féin

Albam sean-nóis curtha amach ag buachaill trí bliana déag as an gCeathrú Rua 

Níl Liam Ó Ceallaigh ach trí bliana déag d’aois ach tá a chéad albam ar an sean-nós eisithe aige cheana féin. Briseann an dúchas an t-ainm atá ar an albam agus tá 13 traic den chéad scoth le cloisteáil air, ina measc amhráin áille ar nós ‘Casadh an tSúgáin’, ‘Eileanór na Rún’ agus ‘Neainsín Bhán’.

“Thosaigh muid ag déanamh réiteach dó san earrach anuraidh,” a deir Liam. “Chleachtaigh muid na hamhráin le tionlacain le hÚna, an cláirseoir, a bhí tar éis bogadh go hInis Meáin, ansin d’oibrigh muid amach na rudaí beaga a bhí ag teastáil i dtáirgeadh an albaim.” Is sa samhradh a rinneadh an taifeadadh féin sa Black Gate Cultural Centre i nGaillimh. Rinne Crystal Media i mBaile Átha Cliath na dlúthdhioscaí sa deireadh. 

“Bhí go leor sall is anall leo faoi na mionsonraí ar an albam,” a deir Liam.

In ainneoin a óige, tá neart duaiseanna agus gradaim buaite ag Liam cheana féin.

Bhuaigh sé corn don sean-nós ag Feis Árann dhá bhliain as a chéile, in 2018 agus 2019, agus ansin Corn Joe Éinniú i gCarna in 2019. Chomh maith leis sin bhuaigh sé Corn Mhic Aindreasa i mBéal Feirste faoi dhó (2020, 2021) agus fuair sé duais ag Fleadh Cheoil na hÉireann in 2019. Is léir go bhfuil an-mhianach sa bhfear óg seo agus albam iontach curtha amach anois aige.

Deir Liam gur bhain sé an-taitneamh as an taifeadadh sa stiúideo.

“Bhí sé an-spéisiúil a bheith ag obair le Liam King, an taifeadadh ar fad agus léargas a fháil ar tháirgeadh ceoil,” ar sé.

An bhfuil aon amhránaithe ar leith a théann i gcion ar Liam?

“Is aoibhinn liom éisteacht le Sarah Ghriallais, mo mhúinteoir amhránaíochta faoi láthair. Is maith liom daoine ar nós Róisín Elsafty, Joe Éinniú agus Darach Ó Catháin,” ar sé.

Bhíodh Liam ina chónaí ar Inis Meáin ach bhog sé go dtí an Cheathrú Rua le déanaí lena theaghlach.

“Tá mé ag socrú síos ceart go leor sa Cheathrú Rua, tá mé ag foghlaim ceoil sa scoil agus ag freastal ar ranganna sean-nóis le Sarah Ghriallais gach seachtain agus is dóigh go bhfuil níos mó deiseanna anseo ar an mórthír,” ar sé. 

Maidir leis na hamhráin ar an albam, deir Liam gur phioc siad na hamhráin ba dheise leis a d’fhoghlaim sé ó amhránaithe éagsúla, ina measc Áine Mhicí ar an oileán, Sarah Ghriallais agus Neil Ní Chróinín.

An bhfuil Liam sásta anois agus an t-albam amuigh sa saol mór?

“Tá cinnte, tá mé an-bhródúil as agus measaim go mbeidh mé sásta sa todhchaí, nuair atá mo ghuth athraithe, as an rogha a rinne mé albam a dhéanamh anois,” ar sé.

Bhí an-bhaint ag athair Liam, Ciarán Ó Ceallaigh, leis an albam.

“Bhí ag éirí thar barr le Liam leis an sean-nós,” ar sé. “Bhuaigh sé go leor leor duaiseanna agus fuair sé ardmholadh ó laochra an tsean-nóis ar nós Sarah Ghriallais, Mairéad Ní Oistín, Johnny Mháirtín Learaí, Nan Tam Taimín agus Róisín Elsafty. 

“Fuair sé cuireadh le bheith páirteach i gceiliúradh ar an sean-nós ar líne, meascán de dhaoine óga agus amhránaithe mór le rá. Chuaigh a ghuth i bhfeidhm ar dhaoine. Chuir sé seanmhná ag caoineadh uaireanta ag comórtaisí.”

Is léir, mar sin, go bhfuil bua ar leith ag Liam agus ar ndóigh tá sé sin soiléir ón albam féin chomh maith.

Cén chaoi a n-airíonn a athair anois agus an t-albam críochnaithe agus ar fáil don phobal?

“Fíorbhródúil,” ar sé. “Dochreidte go bhfuil sé amuigh ansin is á sheinm ar an raidió go rialta. Éacht do dhuine chomh hóg sin. Tá faoiseamh mór i gceist mar obair chrua a bhí ann agus bhí faitíos orainn go mbrisfeadh guth Liam roimh an taifeadadh.”

An raibh Liam ceolmhar i gcónaí nó cén uair ar thosaigh sé ag cur spéis ann ar dtús?

“Is léir gur thaitin an ceol le Liam ó aois an-óg. Thug mise cúpla tiúin dó ar an bhfeadóg nuair a bhí sé cúig, sé, seacht mbliana d’aois is bhí sé an-sciobtha chun iad a phiocadh suas. Taobh amuigh den amhránaíocht, tá sé go maith ar an bpíb uillinn, ar an bhfeadóg is ar an mbodhrán agus duaiseanna buaite aige ar na huirlisí sin freisin,” a deir Ciarán.

Tá rud éigin an-speisialta faoi ghuth Liam agus thuig Ciarán é seo luath go maith.

“Tá guth an-speisialta ag Liam gan aon amhras. Ní rabhamar ach sé mhí ar an oileán (Inis Meáin) nuair a bhuaigh Liam a chéad duais don amhránaíocht,” arsa Ciarán. “Tar éis bogadh ón mBeilg bhí sé ag foghlaim na Gaeilge agus sé an chéad amhrán sean-nóis a fuair sé – ‘Casadh an tSúgáin’. Éacht a bhí ansin agus ba léir go raibh cluas aige agus féith na hamhránaíochta ann.”

Is duine an-cheolmhar é Ciarán freisin, agus deir sé go bhfuil an ceol ina dhlúthchuid dá shaol. 

“Seinnim go rialta ag na seisiúin cheoil agus d’eagraigh mé féilte sa Bheilg agus ar Inis Meáin.”

“Tá muid an-bhródúil as Liam,” ar sé. “Dá bhfaighinnse bás amárach bheinnse sásta. Ar leaba mo bháis beidh mé ag éisteacht le halbam Liam. Mar athair a d’fhás aníos sa nGalltacht is a thit i ngrá leis an teanga, is a throid chuile lá chun an teanga a fhoghlaim, seo fíorú na físe, mac ag cur amach albam amhránaíochta ar an sean-nós.”

Fág freagra ar 'Albam sean-nóis curtha amach ag buachaill trí bliana déag as an gCeathrú Rua '

  • Nóirín Ní Nuadháin

    Comhghairdeas le Liam! Cá bhfuil fáil ar an albam?

  • Meadhbh

    Is féidir an albam a cheannach ó Chló Iar Chonnacht nó díreach ó loc.duchas@gmail.com