Albam eile do sheinnliosta na síoraíochta ó Bob Dylan

Tá Bob Dylan ar a bhuaic ar fad ar 'Rough and Rowdy Ways', a 39ú halbam agus an ceann is fearr uaidh ó thús na mílaoise ar a laghad

Albam eile do sheinnliosta na síoraíochta ó Bob Dylan

Ó Antaine Ó Raiftearaí go dtí Zapruder. Sin agat A-Z na dtagairtí ar Rough and Rowdy Ways, an 39ú halbam ag Bob Dylan agus an ceann is fearr uaidh ó thús na mílaoise ar a laghad.

Sa chéad líne de ‘I Contain Multitudes’, an chéad amhrán ar an albam, atá an tagairt do dhán Raiftearaí agus i ‘Murder Most Foul’, an eipic dhiamhair 17 nóiméad lena gcuirtear clabhsúr ar an saothar, a thiocfaidh tú ar Zapruder agus a scannán de mharú JFK.

Tá dóthain gartheagmhálaithe luaite ag Dylan idir eatarthu is a choimeádfadh an HSE go léir ag cuardach go ceann bliana.

Tagairt do líne as ‘Song of Myself’ le Walt Whitman is ea ‘I Contain Multitudes’ – ‘Do I contradict myself? Very well then I contradict myself, (I am large, I contain multitudes.)’ – agus ar chuma ait éigin tá an méid sin ar ráiteas tosaigh chomh soiléir is atá tugtha ag Dylan riamh.

De réir áirimh áirithe, tá tagairt d’os cionn 70 amhrán ar ‘Murder Most Foul’ amháin. 

Is ar éigean gur gá a rá go bhfuil níos mó ná Bob Dylan amháin ar Rough and Rowdy Ways leis.

Ar ‘False Prophet’ castar orainn an fear blues teanntásach agus é ag bóisceáil,  ‘I’m first among equals, second to none/The last of the best, you can bury the rest’ .

Ar ‘I’ve Made Up My Mind to Give Myself to You’  is é atá linn ná an t-amhránaí bailéad séimh a bhainfeadh deor as croí na cloiche glaise.

Bíonn Dylan ag áiféis leat anseo agus ag bagairt ort ansiúd, bíonn sé lán laochais ar uairibh agus lán leochaileachta ar uairibh eile.

Mar a chéile atá an ceol ar Rough and Rowdy Ways, tionlacan lom uaigneach acústach agus fonnadóireacht taca mánla anseo agus blues bíogúil clamprach ansiúd.

Bhain Dylan croitheadh mór as daoine nuair a leaindeáil ‘Murder Most Foul’, an chéad amhrán nuachumtha uaidh le hocht mbliana, i lár na paindéime. Ba é seo Dylan agus scéal Mheiriceá go léir á insint aige dúinn ar an amhrán is faide uaidh riamh. Bhí a thuilleadh cruthúnais sa dá amhrán eile a cuireadh amach ina dhiaidh sin – ‘I Contain Multitudes’ agus ‘False Prophet’ – go raibh an máistir os cionn a bhuille arís.

Bhí tuairim mhaith againn mar sin go raibh saothar suaithinseach romhainn, agus is iontaí fós dá bharr mar a éiríonn le Dylan siar a bhaint asainn arís agus arís eile ar Rough and Rowdy Ways.

Cuir i gcás an chéad amhrán ar an albam nach raibh cloiste cheana againn, ‘My Own Version of You’, ar scéal uafair Gotach agus mistéir mheitifisiciúil é atá i measc na n-amhráin is aistí agus is greannmhaire atá cumtha aige riamh.

“All through the summer into January/ I’ve been visiting morgues and monasteries/ looking for the necessary body parts/ limbs and livers and brains and hearts…’ arsa Dylan go fuarchúiseach agus tús á chur aige le scéal a éiríonn níos aite ó sin amach.

Munar leor na daoine eile go léir, idir bheo agus mharbh, atá curtha in aontíos ag Dylan ar an albam seo, caitheann sé cromadh ar dhuine nua ar fad a chruthú.

“I’ll take the ‘Scarface’ Pacino and the ‘Godfather’ Brando / Mix ’em up in a tank and get a robot commando, ” ar sé.

Cé eile a chuimhneodh air sin? Agus cé eile dá n-éireodh leis an bheart a dhéanamh agus neach beo a chruthú gurb é an chéad rud a rithfeadh leis agus é ag féachaint ar thoradh a shaothair diabhlaí ná, ‘I’m gonna make you play the piano like Leon Russell / like Liberace/like St. John the Apostle.’ 

Cad is brí leis seo go léir? Ar ndóigh tá na Dylaneolaithe ag gor le blianta ar cheisteanna dá leithéid agus tá Dylan ag coimeád ‘leaganacha’ nua de féin leo fan na slí go léir.

Mar is gnáth, níl Dylan féin ag ligint air go bhfuil freagraí na gceisteanna aige.

‘Can you tell me what it means: To be or not to be?’ a fhiafraíonn sé ar ‘My Own Version of You’.

(Le barr seans a fuaireamar amach agus an léirmheas seo á scríobh gur bobcheist atá ag de Bhaldraithe ar ‘trick question’.)

Tá sé luath san imirt fós, ach ráineodh gurb é an t-amhrán is fearr ar fad anseo ná an dara ceann ón deireadh, ‘Key West (Philosopher Pirate)’. Amhrán machnaimh aoibhinn é faoi anró an tsaoil agus iomann é chomh maith don Raidió, céadsearc Dylan.

Téitear níos doimhne isteach sa scéal grá áirithe sin ar ‘Murder Most Foul’ mar a bhfuil teacht ar an seinnliosta is fearr a cuireadh amach le linn na paindéime, ach beidh áit ag an dá amhrán nua seo ar sheinnliosta na síoraíochta.

Ceann den iliomad pléisiúr a bhaineann leis an sárshaothar seo ná an gealadhram atá ar Dylan agus ómós á leiriú aige do dhaoine eile.

Ar an blues ó bhéal croíúil ‘Goodbye Jimmy Reed’, mar shampla, déanann sé Dia den amhránaí as Mississippi.

Tá ábhairín áibhéile i gceist leis an adhradh atá ar bun ag Dylan gan dabht, ach seo an fear céanna a dúirt, mar fhreagra ar cheist faoina chreideamh, “I believe in Hank Williams singing `I Saw the Light’”.

An fear céanna a dúirt tráth, ‘These old songs are my lexicon and my prayer book’.

Tá Bob Dylan 79 bliain d’aois anois agus tá tathag ar leith dá bharr i línte amhail ‘I’ve oulived my life by far’ ar ‘Mother of Muses’, duan molta don chruthaitheacht agus do ghaiscígh na staire.

Ach beir leat chomh maith é nach bhfuil aon bhréag aige nuair a deir sé ar ‘False Prophet’ gurb é ‘the enemy of the unlived meaningless life’ i gcónaí é.

Geall le míorúilt é a neamhchosúla is atá cuid den albam seo le haon rud eile atá déanta aige ó chuir sé a chéad albam amach nach mór 60 bliain ó shin.

‘The road that you’re on, the same road that you know/ just not the same as it was a minute ago,’ mar a deir sé linn de ghuth fann íogair ar Black Rider, bailéad deoranta taibhsiúil eile.

Ach cuid den mhíorúilt chomh maith é an tslí go luíonn na hamhráin seo leis na hamhráin a chuaigh rompu, a chuid féin agus na cinn eile ar fad ar dhein sé a chuid féin díobh.

“All these songs are connected. Don’t be fooled. I just opened up a different door in a different kind of way,” a dúirt sé cúpla bliain ó shin.

Dúirt sé sa phíosa cainte céanna dá n-éisteofá-sa chomh minic leis féin le ‘Deep Elm Blues’ – a luaitear anseo ar ‘Murder Most Foul’ – go mb’fhéidir go scríofá-sa ‘Just Like Tom Thumb’s Blues’.

Ach ar ndóigh, ní fhéadfadh aon duine ach Bob Dylan ‘Just Like Tom Thumb’s Blues’ a chumadh, ná ní fhéadfadh aon duine ach an té a chum an t-amhrán sin Rough and Rowdy Ways a chumadh.

“I was born very far from where I’m supposed to be, and so I’m on my way home,” ar sé in 2005.

Tá cuid mhaith eile dá aistear curtha de aige ó shin, agus is orainne atá an t-ádh go bhfuil fonn bóthair i gcónaí air.

‘Got a mind to ramble, got a mind to roam/I’m travellin’ light and I’m a-slow comin home,’ a deir sé ar ‘Mother of Muses’.

Ná bíodh aon deabhadh abhaile air agus nára fada go gcífimid ar an mbóthar arís é.

– Tá Rough and Rowdy Ways (Columbia Records) ar fáil inniu

Fág freagra ar 'Albam eile do sheinnliosta na síoraíochta ó Bob Dylan'