Aitheantas speisialta á lorg do spéartha dorcha Uíbh Ráthaigh

Bhronn Cumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha stádas órga ar an taisce i ndeisceart Chiarraí anuraidh. Anois tá aitheantas náisiúnta á éileamh ag grúpa a chreideann go bhféadfaí tionscal nua tursaóireachta a bhunú ach an tacaíocht a fháil

Moon almost full.. resized 640x

Bliain is an lá inniu ann bhronn Cumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha stádas ‘órga’ ar Thaisce na Spéire Dorcha Chiarraí.

Is éard atá i gceist le Taisce Spéire Dorcha ná ceantar caomhnaithe nach bhfuil ‘truailliú’ solais ann.

Ciallaíonn sé sin go bhfeictear an t-uafás réaltóga, réaltbhuíonta agus nithe eile neimhe go soiléir sa spéir gan cur isteach ó shoilse saorga ar talamh.

In Uíbh Ráthach i nGaeltacht Chiarraí atá formhór Thaisce na Spéire Dorcha Chiarraí – an t-aon taisce den ghrád sin ar an leathchruinne thuaidh.

Anois, bliain tar éis don Taisce an gradam luachmhar a bhaint amach, tá bunaitheoirí na Taisce – Grúpa na Spéire Dorcha Chiarraí – ag iarraidh aird, agus aitheantas, náisiúnta a tharraingt ar an áit.

Ba mhaith leis an ngrúpa go ndéanfaí níos mó infheistíochta san earnáil ar a dtugann siad an réalturasóireacht (astrotourism).

Níl ach cúpla teach i gcroícheantar na taisce, an Gleann, agus níl mórán soilse poiblí san áit ach an oiread.

Tá formhór na dtithe sin curtha in oiriúint don Taisce agus soilse speisialta curtha i bhfearas iontu nach gcaitheann solas breise aníos ar an spéir.

Tá an soilsiú speisialta céanna curtha in áit ag Comhairle Contae Chiarraí ar na bóithre sa cheantar. Bhí glacadh maith ag an bpobal leis na soilse nua, a deir Julie Ormonde ó Ghrúpa na Spéire Dorcha Chiarraí le Tuairisc.ie, agus tuigeann siad a thabháchtaí is atá na soilse céanna do chaomhnú na Taisce.

“Tá a bhfocal tugtha ag Comhairle Contae Chiarraí i scríbhinn dúinn go gcuirfear an soilsiú speisialta seo in áit, ag tús na bliana, ar fud an chontae,” a dúirt Julie Ormonde.

Tá an t-uafás oibre le déanamh ag ceantar atá ag iarraidh an stádas órga a bhaint amach.

Bronnann Cumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha an stádas seo ar cheantair tar éis dianphróiséas measúnachta. Thóg an t-iarratas ocht mí dhéag le cur le chéile agus ar deireadh bhí nach mór céad caoga leathanach sa cháipéis a chuir an Grúpa faoi bhráid an Chumainn Idirnáisiúnta.

Tá Julie Ormonde diongbháilte go gcuirfí a fís i gcrích agus go mbeidh Uíbh Ráthach ina lárionad réalturasóireachta agus réalteolaíochta don leathchruinne thuaidh.

“Feictear dom nach bhfuil i ngeáitsí turasóireachta na hÉireann ach an seanscéal céanna á chur amach faoi chulaith nua arís agus arís eile. D’fhéadfaimis turasóireacht úrnua a fhorbairt anseo ach dul i bhfeidhm ar earnáil na turasóireachta. D’fhéadfaí cineálacha éagsúla turasóra a mhealladh go hÉirinn.

“Roimh bhronnadh an ghradaim bhí plean againn ceantar réalturasóireachta a dhéanamh den áit seo. Níl sa ghradam ach bunchloch an ruda – an rud atá uainn i ndáiríre ná reannlann agus réadlann (planetarium agus observatory),” a mhínigh Ormonde.

Maíonn Grúpa na Spéire Dorcha Chiarraí go bhféadfaí cur go mór le héispéireas na dturasóirí a thagann go hUíbh Ráthach faoi ach tioncal na réalturasóireachta a fhorbairt.

“Breathnaítear ar áilleacht an tírdhreacha, téitear chun na trá, imrítear galf ach san oíche a d’fheicfí an dara cuid den leithinis. Tagann 1.5 milliún turasóir tríd an gceantar seo gach bliain ach ní fhanann ach céadatán fíorbheag thar oíche. Tagann siad, stopann siad, tógann siad grianghraf agus bogann siad ar aghaidh go háit éigin eile.

“Ní thuigeann siad go gcaillfidh siad an chuid is fearr má fhágann siad roimh thitim na hoíche. Bealach na Bó Finne, an ghealach, an fharraige mhór – tá sé go hálainn agus suaimhneach. Agus tú ag seasamh faoin spéir dhorcha, is measc na ngallán anseo tá an spéir díreach mar a bhí nuair a cuireadh ina seasamh iad – ní féidir é sin a rá faoi Stonehenge fiú,” a dúirt Ormonde.

Tá an Grúpa tar éis a bheith i dteagmháil le dreamanna éagsúla; Comhairle Contae Chiarraí, Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann maidir le forbairt an togra.

Cé nach bhfuil na cainteanna seo ach ina dtús, tá an Grúpa dóchasach go maith go dtabharfar cluas le héisteacht dóibh.

Anuas ar chúrsaí turasóireachta, tá Julie Ormonde den tuairim go meallfadh réadlann eolaithe ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa chuig an gceantar lena gcuid taighde réalteolaíochta a dhéanamh.

Is sa leathchruinne theas a dhéantar formhór na hoibre sin sa lá atá inniu ann mar gheall ar dhorchadas na spéire ann.

Féadfaidh ceantar ar bith atá saor ó thruailliú solais cur isteach ar aitheantas oifigiúil do Thaisce Spéire Dorcha ach an t-iarratas a íoslódáil ó shuíomh Chumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha. Dúirt Grúpa na Spéire Dorcha Chiarraí le Tuairisc.ie go mbeidís lánsásta cúnamh a thabhairt do ghrúpaí eile leis an iarratas.