Éinne a bhfuil aon tuiscint acu ar an stair tuigeann siad nach féidir athruithe móra sóisialta a dhéanamh gan spreagadh na mban.
Karl Marx
Deirtear linn i rith an ama gurb iad siúd atá buacach a scríobhann an stair. An rud atá fágtha ar lár sa seanrá sin ná gur fir ar fad a bhí i mbun pinn. Cáineadh síoraí é go bhfuil mná scuabtha as an stair mar nár oir a scéal don té a bhí i mbun pinn. Is amhlaidh a bhí le Mary Jane O’Donovan Rossa, nó Mary Jane Irwin roimh phósadh di, an tríú bean chéile a bhí ag an tírghráthóir Jeremiah O’Donovan Rossa. Aithníonn na staraithe go raibh sochraid O’Donovan Rossa i 1915 ar cheann de na heachtraí móra a spreag reibiliúnaithe 1916 chun gnímh.
Tá sráideanna, droichead, cumainn CLG is araile ainmnithe in ómós dó ach gan aon trácht ar a bhean. Ní hamháin go raibh sí mar chrann taca aige agus ag seasamh lena taobh ach ba mhinic í ag seasamh chun tosaigh air agus a hiomaire féin á treabhadh go cumasach, cliste, cróga aici. Gan í, ní bheadh aon Jeremiah againn. Déanann Rebel Wife (RTÉ1, Déardaoin) iarracht an éagóir staire sin a chúiteamh.
Sé mac a garpháiste, an Meiriceánach Williams Rossa Cole, atá mar cheann feadhna agus láithreoir ar an gclár faisnéise taitneamhach seo. Is geanúil an láithreoir é agus is léir go bhfuil ana-shuim aige i stair a mhuintire agus é meáite ar éagóir na staire i leith Mary Jane a chúiteamh.
Thrácht na cloigne cainte éagsúla go pointeáilte, eolgaiseach ar shaol Jeremiah; na tréimhsí i bpríosún, an céasadh, na coimhlintí polaitiúla i Meiriceá, na ruathair bhuamála i Sasana, srl. Níos tábhachtaí ná san áfach, cuireadh Mary Jane i lár an aonaigh. Deineadh a scéal siúd a reic amhail is go raibh Jeremiah sa chúlra. Í chomh tógtha leis an bPoblachtánachas is a bhí sé féin, í níos stuama agus níos géarchúisí ná é go deimhin. Fágadh í mar bhaintreach phríosúin agus bhí uirthi a crústa féin a thuilleamh.
Dhein sí gaisce sa dá bhliain a bhí sí i Meiriceá. Ag tabhairt óráidí, ag aithris filíochta, ag scríobh litreacha agus ag bailiú tacaíochta do chás na hÉireann agus na bpríosúnach. Í ag imeacht chomh fada ó bhaile le Omaha Nebraska agus Toronto Cheanada. Airgead á thuilleamh aici agus cáil á baint amach aici; rud fíoreisceachtúil i sochaí na linne. Nuair a saoradh Jeremiah, chuaigh sé ar deoraíocht chuig Meiriceá. Bhuail an dúlagar é agus thit sé leis an ól, sí Mary Jane a chur ar a chosa arís é.
Bhí sí lárnach sa chinneadh é a chur i reilig Ghlas Naíon; ócáid chinniúnach i stair na hÉireann. D’éag sí féin bliain ina dhiaidh sin. Arís eile, léiríodh an éagóir. Ní raibh aon mhórchuntas sna meáin scríofa fúithi, í ligthe i ndearmad agus í curtha i Meiriceá. Saothar é seo a thug cuntas ar bhean ar leith agus éagóir na staire ar mhná na staire.
JP
Más ea, fuair sí a ceart ó Sheán Ó Lúing sa dá magnum opus aige
‘Ó Donnabháin Rosa 1&2’.
Staraí, file agus scoláire Gaoluinne ab ea Seán ná fuair aon aitheantas puinn ó éinne riamh.
Sár-leabhair eile dá chuid ‘sea:
‘Art Ó Gríofa’, ‘John Devoy’, ‘Freemantle Mission’ agus ‘In Ardchathair na hEorpa’.
Tá formhór ‘staraithe’ na linne seo dall ar na saothair thábhachtacha seo (agus ar chuid mhaith de stair na tíre seo) seo toisc gur scríodh i nGaeilge iad.
Pádraig O'hEipicín
Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha uilig.