Aitheantas cultúrtha idirnáisiúnta bronnta ag UNESCO ar chluiche na hiománaíochta

Ghlac UNESCO inniu le cluiche na hiománaíochta mar chuid d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Dhaonna   

Aitheantas cultúrtha idirnáisiúnta bronnta ag UNESCO ar chluiche na hiománaíochta

Tá cluiche na hIomána áirithe anois ag UNESCO mar chuid d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.   

Ag cruinniú de Choiste Idir-Rialtasach UNESCO a bhí ar siúl ar Oileán Mhuirís inniu, glacadh le hainmniúchán chluiche iománaíochta na hÉireann don liosta agus aithníodh é mar phríomhghné d’oidhreacht bheo na hÉireann.

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta  Josepha Madigan gur údar mór áthais di aitheantas ó UNESCO a bheith tugtha don iománaíocht agus don chamógaíocht:

“Tá gliondar croí orm gur bhain an iománaíocht aitheantas idirnáisiúnta amach ó UNESCO.  Príomhghné de chultúr na hÉireann is ea an iománaíocht. Leis na cianta, ba chuid thábhachtach an iománaíocht d’aitheantas na hÉireann, agus bhronn fir agus mná an traidisiúin bheo seo ar gach glúin í.  Táim buíoch de Chumann Camógaíochta agus de CLG as an obair a rinne siad le mo Roinn chun an t-aitheantas seo a bhaint amach ó UNESCO.”

Bunaíodh Coinbhinsiún UNESCO chun an Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe chun oidhreacht chultúrtha an domhain a chosaint, a chur chun cinn agus a chur i láthair an tsaoil mhóir.

Is ionann ‘oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe’ ag UNESCO agus nósanna, traidisiúin, ceirdeanna, cluichí, agus cleachtais atá mar chuid den saol ag daoine ó ghlúin go glúin.

Seo an dara huair a bhfuil cuid d’oidhreacht bheo na hÉireann curtha ar liosta UNESCO. Tugadh an t-aitheantas sin don Phíobaireacht Uilleann anuraidh.

Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, John Horan gur “buaicphointe” eile cinneadh UNESCO don iománaíocht i ndiaidh shárbhliain iománaíochta 2018, bliain inar imríodh ceann de na craobhchomórtais iománaíochta ba dhrámatúla agus ab fhearr riamh.

“Deimhníonn sé seo athuair go bhfuil níos mó ná spórt i gceist leis an iománaíocht. Is seoid náisiúnta; traidisiún ársa atá ann a cheanglaíonn sinn lenár stair Cheilteach agus is cuid dár DNA í,” arsa Uachtarán CLG.

Dúirt Kathleen Woods, Uachtarán an Chumainn Chamógaíochta, gur “mór an onóir” an t-aitheantas don Chamógaíocht “a léiríonn an ról lárnach atá ag an Iománaíocht agus an Chamógaíocht i saol na hÉireann agus an stair fhairsing a bhaineann lenár gcluichí”. 

Fág freagra ar 'Aitheantas cultúrtha idirnáisiúnta bronnta ag UNESCO ar chluiche na hiománaíochta'