‘Ait’ go luaitear díolúine na Gaeilge i measc ‘buntáistí’ thástáil nua scoile don Bhéarla  

San fhógra faoin triail nua tástála atá maoinithe ag an Roinn Oideachais, deirtear go bhféadfadh sé a bheith ina chabhair do dhalta atá ag déanamh iarratas ar dhíolúine ón Ghaeilge

‘Ait’ go luaitear díolúine na Gaeilge i measc ‘buntáistí’ thástáil nua scoile don Bhéarla  

Deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, saineolaí aitheanta i réimse an oideachais in Éirinn, gurb “ait” an rud é go bhfuil díolúine na Gaeilge luaite i measc na mbuntáistí a bhaineann le triail nua liteartachta do dhaltaí iarbhunscoile.

San fhógra faoin triail nua tástála atá maoinithe ag an Roinn Oideachais, deirtear go bhféadfadh sé a bheith ina chabhair do dhalta atá ag déanamh iarratas ar dhíolúine ón Ghaeilge.

Maítear ar shuíomh idirlín an Fhorais Taighde ar Oideachas (ERC) “that schools will enjoy multiple benefits from using the new PPAD-E, once it is standardised” agus luaitear ar na buntáistí sin go bhfuil an tástáil “suitable for considering eligibility for an exemption from Irish”.

An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) a rinne forbairt ar an triail seo agus rinne an Foras Taighde ar Oideachas (ERC) caighdeánú uirthi.

Ní hé seo an chéad uair a raibh conspóid ann faoi fhógra ó na húdaráis oideachais maidir le díolúine na Gaeilge.

Rinne Conradh na Gaeilge agus daoine eile cáineadh anuraidh ar fhógra ar leathanach baile na Roinne Oideachais faoi cén áit le dul chun díolúine ón nGaeilge a fháil. I ndath bhrat na hÉireann agus ‘Irish Exemption, How and where to apply for an exemption from the study of Irish’ a bhí scríofa air.

Deir Pádraig Ó Duibhir gur aisteach an rud go bhfuiltear ag maíomh arís as bealaí chun díolúine ón nGaeilge a fháil.

“Is ait liom go mbeifí ag maíomh faoi scagthástáil i litearthacht an Bhéarla go bhfuil sé cabhrach chun díolúine ón nGaeilge a fháil agus is léiriú é ar na critéir mhíchuí atá á n-úsáid chun díolúine a bhronnadh,” a deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

De réir chóras nua na ndíolúintí, tá cead díolúine ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun ag dalta ar thriail scoite i léamh focal nó i léamhthuiscint nó litriú, ach deir Ó Duibhir go bhfuil sin ró-ard agus gur chóir gur an 2ú  peircintíl nó gar dó a bheadh i gceist.

Deir Pádraig Ó Duibhir go bhfuil na leasuithe seo bunaithe ar an tuiscint mhíchruinn go bhfuil a leithéid de rud ann agus míchumas foghlama teanga ann féin.

Dar leis go gciallódh an leasú maidir leis na scrúduithe caighdeánacha go gcáileodh 10% de leanaí do dhíolúine gan cheist.

Forbraíodh ‘go speisialta d’iarbhunscoileanna na hÉireann’ an uirlis tástála agus diagnóise nua atá dírithe ar dhaltaí na chéad bliana, ach dheimhnigh an Foras Taighde ar Oideachas do Tuairisc.ie nach mbeidh aon leagan Gaeilge di ar fáil do Ghaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta go dtí 2023 ar a thúisce.

Deir Ó Duibhir go bhfáiltíonn sé roimh thrialacha nua atá deartha go speisialta do dhataí na hÉireann ach gur “bocht an scéal é” nach bhfuil leagan Gaeilge den tástáil ar fáil agus go mbeidh moill mhór lena leithéid.

Dúirt sé gur cheart go mbeadh sé ina pholasaí ag an Roinn Oideachais go ndéanfaí trialacha agus áiseanna scagthástála a fhorbairt i nGaeilge agus i mBéarla go ‘comhthreormhar’ agus go gcuirfí ar fáil ag an am céanna iad.

Mar a tuairiscíodh anseo, ní chuirfear tús go ceann bliana eile leis an obair ar leagan Gaeilge den áis nua dhigiteach a dhéanann tástáil ar litearthacht daltaí iarbhunscoile.

Fág freagra ar '‘Ait’ go luaitear díolúine na Gaeilge i measc ‘buntáistí’ thástáil nua scoile don Bhéarla  '