Tá 11 ainmniúchán faighte ag cláir Ghaeilge ar ghearrliosta na mórghradam teilifíse IFTA i mbliana, ina measc Éire Fhiáin atá san iomaíocht i rannóg na gclár faisnéise, Hector Central atá ainmnithe i rannóg na gclár fíorasach agus Rocky Ros Muc, atá ainmnithe i rannóg na gclár Gaeilge.
Fir Bolg, sraith drámaíochta grinn Frank O’Connor, clár faisnéise faoin ghearrscéalaí a ligeadh i ndearmad agus Ros na Rún, na trí chlár eile atá ainmnithe i rannóg na Gaeilge.
Tá ainmniúchán faighte ag an aisteoir Seán McGinley dá ról i léiriú Dearg Films Fir Bolg.
Fuair an sobalchlár Gaeilge a ndéantar scannánú air sa Spidéal i ngConamara ainmniúchán fosta i rannóg na sobalchlár.
Tá Is Eolaí mé, sraith eolaíochta do pháistí, a léiríonn Meangadh Fíbín agus Lurgan 2K17, sraith faoi réalta óga Choláiste Lurgan a léirigh Iris Productions, ainmnithe i rannóg na gclár do pháistí.
Ainmníodh léiriú de chuid Gifted Empires TG4XX, a rinne ceiliúradh ar scór bliain an stáisiúin Ghaeilge, i rannóg na gclár beo.
Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gur “cruthúnas ar ardchaighdeán raon na gclár a bhíonn ag TG4 é an rogha seo”.
“Thuill TG4 aitheantas, ainmniúcháin agus duaiseanna ó IFTA gach bliain ó bunaíodh an scéim náisiúnta gradam seo. Táimid an-bhródúil as an líon ainmniúchán a fuaireamar ar ghearrliosta na bliana seo, go háirithe i réimse na faisnéise agus na ndaoine óga.
“Is mór an sásamh dúinn gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú,” a dúirt Ardstiúrthóir TG4.
Painéal saineolaithe ó thionscal na teilifíse anseo agus thar sáile a roghnaíonn an saothar is fearr sna catagóirí éagsúla.
Bronnfar na gradaim IFTA féin ag ócáid ar an 31 Bealtaine.
Fág freagra ar 'Áit ar ghearrliosta na ngradam IFTA ag 9 gclár Gaeilge'